Sraith uirlisí cumarsáide maidir le vacsaíniú

Tá ábhair chumarsáide ineagarthóireachta forbartha ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) chun feasacht ar EVIP a mhúscailt agus d’fhonn a chinntiú go bhfuil an t-eolas is gá ag daoine chun cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le vacsaíniú.  

Tá réimse leathan ábhar cumarsáide sa tsraith uirlisí cumarsáide (póstaeir, grafaicí faisnéise, cártaí meán sóisialta, beochan, etc.) agus is é an aidhm atá léi an méid seo a leanas a dhéanamh: 

  • Litearthacht sláinte maidir le heolaíocht vacsaíní a fheabhsú agus mífhaisnéis agus bréagaisnéis a chomhrac trí fhaisnéis fhíorasach a chur ar fáil.
  • Cur le cumhdach méadaithe vacsaínithe in AE/in LEE le haghaidh COVID-19 agus galair eile. 
  • Tacaíocht a thabhairt d’fheachtais náisiúnta na bPointí Fócasacha Náisiúnta (NFP) agus dá gcumasú. 

Tá na hábhair deartha d’údaráis náisiúnta d’fhonn a chur ar a gcumas iad a dháileadh a thuilleadh ar ghairmithe sláinte rannpháirteacha, amhail cleachtóirí ginearálta (GPanna)/dochtúir teaghlaigh, péidiatraithe, ionaid sláinte mac léinn, speisialtóirí leighis eile, altraí, cógaiseoirí agus oideoirí sláinte. Is ábhair ineagarthóireachta atá iontu agus is féidir brandáil a chur leo.

Forbraíodh na hábhair go léir de réir creataí teoiriciúla cumarsáide, rinneadh iad a thástáil sular úsáideadh iad, agus aistríodh go gach teanga AE/LEE iad. Táirgeadh an t-ábhar a forbraíodh ar bhealach lena n-áirithítear go bhfuil sé fáilteach, tarraingteach, gonta agus inroinnte. Tá sé dírithe freisin ar riachtanais agus ionchais daoine a chomhlíonadh agus iad ag cuardach faisnéis maidir le vacsaíniú. 

Is féidir an doiciméad thíos (ar fáil i mBéarla amháin) a úsáid mar threoir maidir le húsáid na sraithe uirlisí: 

Vaccination communication toolkit guidelines

English (186.25 KB - PDF)