Maidir le vacsaíní
Cosnaíonn vacsaínithe daoine ar ghalair thógálacha thromchúiseacha agus ar ghalair atá bagrach don bheatha. San am atá caite, fuair a lán daoine bás de bharr galair ar féidir a chosc trí vacsaíniú sa lá atá inniu ann. Tá galair agus aimhréidheanna a bhíodh coitianta san am atá caite annamh anois nó tá siad díothaithe go hiomlán a bhuí le vacsaíniú forleathan.
Áirítear leis na haimhréidheanna sin:
- pairilis, míchumais ar feadh an tsaoil, nó bás de bharr póilió;
- daille mar gheall ar an mbruitíneach;
- bodhaire, catarachtaí nó míchumais foghlama i leanaí a rugadh do mháithreacha a raibh an bhruitíneach dhearg orthu luath le linn toirchis.
Cabhraíonn an vacsaíniú le scaipeadh na ngalar sa phobal a chosc. Nuair a bhíonn vacsaín faighte ag céatadán mór den phobal, cuirtear cosc ar scaipeadh na ngalar tógálach. Tugtar “imdhíonacht phobail” air sin.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar an imdhíonacht phobail, féach:
Buntáistí an vacsaínithe
Conas a chosnaíonn vacsaíní sinn agus conas a chuireann siad cosc ar scaipeadh galar? Faigh tuilleadh eolais maidir leis na buntáistí a bhaineann leo do dhaoine aonair agus don phobal araon.
Is é vacsaíniú an bealach is fearr le himdhíonacht a fháil in aghaidh galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú, seachas imdhíonacht a bhaint amach tríd an ngalar a fháil. Cuirtear cosc ar chomharthaí an ghalair teacht ar dhaoine, comharthaí a d’fhéadfadh bheith géarchúiseach, a bhuí leis an vacsaíniú.
Baineann tairbhí sochaíocha níos leithne le cláir vacsaínithe toisc gur féidir leo an t‑ualach sóisialta, síceolaíoch agus airgeadais a bhaineann le galair a laghdú trí bhrú ar chórais cúraim sláinte agus cúraim shóisialta a laghdú.
Ceisteanna ⁊ Freagraí
Tá sé nádúrtha go mbeadh ceisteanna agat faoi vacsaíní agus cinneadh á dhéanamh agat tú féin nó duine de do mhuintir a vacsaíniú. Ar an leathanach seo tá cuid de na ceisteanna is coitianta a d’fhéadfadh a bheith ag daoine faoi vacsaíní, agus cuirtear ar fáil freagraí bunaithe ar fhíricí orthu chomh maith.
Sábháilteacht agus fo-iarmhairtí vacsaíne
Cé ba chóir a bheith cúramach faoi vacsaín a fháil agus cathain a thabharfaidh dochtúirí comhairle ina choinne sin?
An chaoi a n‑oibríonn vacsaíní
Múineann vacsaíní dár gcórais imdhíonachta conas galar a chomhrac. Foghlaimímis conas a oibríonn siad chun sinn a chosaint ar éirí tinn.
Formheas vacsaíní san Aontas
Faigh tuilleadh eolais maidir leis an gcaoi a ndéanann údaráis san Eoraip tástáil chun a chinntiú go mbíonn vacsaíní sábháilte agus éifeachtach sula gceadaítear iad lena n‑úsáid.
An uair le vacsaíniú
Faigh sceidil vacsaínithe náisiúnta do thíortha AE/LEE ina dtairgtear vacsaínithe d’aoisghrúpaí agus do dhaonraí ar leith.
Tuismitheoirí nua agus tuismitheoirí atá ag súil le páiste
Faigh amach conas is féidir le vacsaíní tuismitheoirí agus a leanaí a chosaint roimh thoircheas, lena linn agus ina dhiaidh.
Stair an vac\saínithe
Tá vacsaíní in úsáid le breis agus 200 bliain, ó forbraíodh an chéad vacsaín riamh chun cosaint a thabhairt ar bholgach, galar a mharaigh suas le leathchuid díobh siúd a bhí ionfhabhtaithe agus a chuaigh i bhfeidhm go mór ar shibhialtacht an duine, in 1796.