An chaoi a n‑oibríonn vacsaíní
Oibríonn vacsaíní tríd an gcóras imdhíonachta a mhúineadh conas galar a chomhrac sa chás go n‑ionfhabhtófaí duine leis riamh. Sa chaoi sin, laghdaítear go mór mór an baol go n‑éireodh an duine lena mbaineann go dona tinn nó go scaipfí an galar chuig daoine eile. Is féidir le vacsaíní cosaint a thabhairt i gcoinne galair amháin nó roinnt galar. Uaireanta, d’fhéadfaí roinnt vacsaíní a thabhairt ag an am céanna chun cosaint a thabhairt ar scata galar.
Is féidir le vacsaíní cosaint a thabhairt i gcoinne galair amháin nó roinnt galar. Uaireanta, d’fhéadfaí roinnt vacsaíní a thabhairt ag an am céanna chun cosaint a thabhairt ar scata galar.
I gcás fhormhór na vacsaíní, bíonn foirm lagaithe nó neamhghníomhaithe (maraithe) de víreas nó de bhaictéar, nó cuid bheag den víreas nó den bhaictéar nach féidir léi galar a chruthú.
Nuair a thugtar an vacsaín do dhuine, aithníonn córas imdhíonachta an duine sin an antaigin mar choimhthíoch. Spreagtar sa chaoi sin do na cealla imdhíonachta antasubstaintí a tháirgeadh agus cuirtear ar chumas an chórais imdhíonachta an víreas nó an baictéar a aithint.
As sin amach, má tholgann an duine sin an víreas nó má ionfhabhtaítear leis an bhfíorbhaictéar iad, beidh a gcóras imdhíonachta in ann é a aithint, agus ansin na hantasubstaintí cearta a tháirgeadh agus na cealla imdhíonachta cearta a ghníomhachtú go tapa, chun an víreas nó an baictéar a mharú. Cosnaítear an duine ar an ngalar sa chaoi sin.
Os a choinne sin, is féidir le daoine a fhaigheann a n‑imdhíonacht as an ngalar a tholgadh iad féin a chur i mbaol aimhréidheanna tromchúiseacha de dheasca an ghalair.

Cosaint
Bíonn leibhéil éagsúla chosanta mar thoradh ar vacsaíní éagsúla. Athraíonn fad na cosanta ag brath ar an ngalar. Ní féidir le vacsaíní áirithe cosaint a thabhairt i gcoinne galair ach ar feadh tréimhse ghairid agus bíonn teanndáileoga ag teastáil in amanna. I gcás vacsaíní eile, d’fhéadfadh an duine a bheith imdhíonach go deo.
Cosnaíonn an vacsaíniú níos mó ná iad siúd a fhaigheann vacsaín. Tugann sé cosaint indíreach fosta do dhaoine sa phobal nach bhfuil vacsaín faighte acu tríd an riosca go nochtfaí d’ionfhabhtú iad a laghdú. Tugtar imdhíonacht phobail (nó imdhíonacht tréada) air sin.
Comhpháirteanna
Le cois antaigine amháin nó roinnt antaiginí, is féidir comhpháirteanna eile a chur leis an vacsaín freisin chun í a choinneáil cobhsaí agus éifeachtach. Tá sé de chúram ar rialtóirí a chinntiú go mbíonn na comhpháirteanna go léir sábháilte.
Áirítear ar na comhpháirteanna sin:
- cobhsaitheoirí: coinníonn siad comhpháirteanna vacsaíní cobhsaí;
- aidiúvaigh: feabhsaíonn siad an fhreagairt imdhíonachta ar an vacsaín tríd an bhfreagairt a dhéanamh níos láidre, níos tapúla agus níos leanúnaí le himeacht ama, cuir i gcás an t‑alúmanam;
- Támháin: substaintí neamhghníomhacha is ea iad seo, amhail uisce, nó clóiríd sóidiam (salann), chomh maith le leasaithigh nó cobhsaitheoirí a chuidíonn leis an vacsaín a choinneáil seasmhach le linn stórála, agus í á coinneáil gníomhach dá réir sin.
I gcás cineálacha vacsaíní ar leith, d’fhéadfaí go mbeadh rianta de shubstaintí eile ann a úsáidtear le linn an phróisis déantúsaíochta, amhail ubh-albaimin (próitéin a fhaightear in uibheacha) nó neoimícin (antaibheathach). Más rud é go bhféadfadh na substaintí sin a bheith ina gcúis le frithghníomhú i ndaoine atá braiteach orthu nó i ndaoine ag a bhfuil ailléirgí, áirithítear go luaitear an méid sin san fhaisnéis a thugtar d’oibrithe cúraim sláinte agus d’othair araon.
Cineálacha vacsaíní
Bíonn codanna beaga víris nó baictéir nach bhfuil contúirteach agus a chabhraíonn leis an gcóras imdhíonachta fíor-ionfhabhtú a aithint agus a chomhrac le fáil i vacsaíní atá bunaithe ar phróitéiní. Is samplaí den chineál sin vacsaíní iad vacsaíní in aghaidh fliú, teiteanais agus treacha agus tá siad in úsáid leis na blianta.
Ní dhéanann na próitéiní seo, a dhéantar i saotharlann, ach an córas imdhíonachta a spreagadh agus ní bhíonn ionfhabhtú ná galar mar thoradh orthu.
Is minic a bhíonn substaintí ar a dtugtar aidiúvaigh le fáil i vacsaíní atá bunaithe ar phróitéiní. Neartaíonn siad seo freagairt an chórais imdhíonachta ar vacsaín agus méadaítear ar an gcosaint a thugtar dá mbarr.
Bíonn treoracha le fáil i vacsaíní teachtaire RNA agus i vacsaíní veicteora víreasaigh do chealla an duine chun iad a spreagadh próitéin antaigine a dhéanamh. Bíonn ceachtar de dhá chruth ar na treoracha seo, cuir i gcás móilín ar a dtugtar aigéad ribeanúicléasach teachtaire nó mRNA, nó víreas neamhdhíobhálach ar a n‑iompraítear faisnéis ghéiniteach.
Nuair a fhaigheann duine ceann de na cineálacha vacsaíní sin, leanann a gcealla na treoracha agus ansin déanann siad an phróitéin antaigine a n‑aithníonn an córas imdhíonachta mar ábhar eachtrach, rud lena ngníomhachtaítear cealla imdhíonachta chun antasubstaintí a chruthú.
Vacsaíní mRNA agus vacsaíní veicteora víreasaigh a bhí sna chéad cheithre vacsaín in aghaidh COVID-19 a údaraíodh san Aontas.
Inactivated vaccines contain viruses that have been inactivated (killed) in a lab using heat or chemicals.
Inactivated viruses cannot reproduce themselves or cause illness but can still produce an immune response in the body. When a person receives an inactivated vaccine, their immune system identifies the inactive viruses as foreign. This teaches the body to produce antibodies to fight the viruses off.
Live attenuated vaccines contain live viruses or bacteria that have been weakened by changing their DNA or by selecting weakest viruses or bacteria to include in the vaccine.
Weakened viruses and bacteria in live attenuated vaccines cannot cause disease but they can still produce an immune response in the body. When a person receives a live attenuated vaccine, the immune system identifies the weakened bacteria or viruses as foreign. This teaches the body to produce antibodies to fight off the bacteria or viruses.
Live attenuated vaccines produce a strong immune response that can last a long time. This means that fewer doses may be needed than for other types of vaccine.
Common live attenuated vaccines are the measles, mumps and Rubella (MMR) vaccine and the chickenpox vaccine.
The first vaccine ever developed was a live attenuated vaccine. This was a vaccine against smallpox, developed in 1798. Live attenuated vaccine technology is still used today in modern vaccines such as those for measles, chickenpox and yellow fever.
Toxoid vaccines contain toxins that have been inactivated and are therefore no longer toxic.
Toxins are chemicals produced by bacteria and that can cause some diseases, such as tetanus and diphtheria.
Toxoids are made in the lab by deactivating disease-causing toxins, using chemicals or heat.
Inactivated toxins in toxoid vaccines cannot cause illness but they can still produce an immune response in the body. When a person receives a toxoid vaccine, the immune system targets the deactivated toxins and learns how to neutralise them. This teaches the body how to deactivate the toxins and prevent disease in future.
Toxoid vaccines teach the body to combat the toxins produced by the bacteria rather than fight off the bacteria themselves.
Toxoid vaccines often include an adjuvant to make the response stronger.
Common toxoid vaccines are the ones used against tetanus and diphtheria.
Formheas vacsaíní san Aontas
Faigh tuilleadh eolais maidir leis an gcaoi a ndéanann údaráis san Eoraip tástáil chun a chinntiú go mbíonn vacsaíní sábháilte agus éifeachtach sula gceadaítear iad lena n‑úsáid.
Buntáistí an vacsaínithe
Conas a chosnaíonn vacsaíní sinn agus conas a chuireann siad cosc ar scaipeadh galar? Faigh tuilleadh eolais maidir leis na buntáistí a bhaineann leo do dhaoine aonair agus don phobal araon.
COVID-19 medicines
European Medicines Agency - Safety of COVID-19 vaccines