Papalómaivíreas daonna (HPV)

Bileog eolais

Cad is HPV ann?

Víreas is ea papalómaivíreas daonna (HPV) ar féidir leis daoine a ionfhabhtú.

Tá níos mó ná 200 cineál éagsúil de HPV ann. Is cineálacha ardriosca iad 12 cheann díobh sin ar a laghad a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hailse, amhail ailse ceirbheacs (ailse i mbéal na broinne). Is í ailse ceirbheacs an ceathrú ailse is coitianta i measc ban atá idir 15 agus 44 bliain d'aois san Eoraip[1]. Is féidir le HPV a bheith ina chúis le faithní na mball giniúna agus faithní anasacha freisin.

Sracfhéachaint: HPV san Eoraip

  • Is víreas an-choitianta san Aontas é papalómaivíreas daonna (HPV), a scaiptear go príomha trí theagmháil ghnéasach. 
  • Is féidir le hionfhabhtú le HPV a bheith ina chúis le faithní agus a bheith ina chúis le hailse i roinnt daoine.
  • Tá HPV nasctha le thart ar 60 000 cás nua ailse gach bliain san Aontas.
  • Tugann vacsaíniú cosaint ar ghalair a bhaineann le HPV.
  • D’fhéadfadh vacsaíniú forleathan an chuid is mó de na cásanna d’ailse ceirbheacs a chosc.

Faigh tuilleadh eolais faoi vacsaíní HPV i do thír féin.

symptoms smaller illustration

Cad iad na galair is féidir le HPV a bheith ina gcúis leo? 

I bhformhór na gcásanna, imíonn ionfhabhtú HPV as féin laistigh de bhliain nó dhó gan aon siomptóim a chruthú.
 

I roinnt daoine, is féidir le HPV fanacht sa chorp go ceann tréimhse níos faide.
Is féidir le HPV a bheith ina chúis le faithní i limistéar na mball giniúna agus timpeall an anais.


Nuair a fhanann HPV sa chorp go ceann tréimhse níos faide, is féidir leis a bheith ina chúis le hathruithe ar chealla an choirp. Is féidir leo seo a bheith ina gcúis le cineálacha éagsúla ailse i ndaoine áirithe, lena n-áirítear ailse ceirbheacs, chomh maith le hailsí sa phit, san fhaighin, san anas, sa bhod, sa cheann nó sa mhuineál. Tá baint ag HPV le thart ar 60 000 cás nua ailse gach bliain san Aaontas [1].
 

couple illustration

Conas a scaiptear HPV?

Scaiptear HPV trí theagmháil craiceann le craiceann sa limistéar ginitiúil. Is le linn gnéas faighne, péineasach, anasach nó béil is mó a tharlaíonn an tarchur.

D’fhéadfadh sé nach mbeadh aon siomptóim ar dhaoine a bhfuil HPV orthu; is minic nach mbíonn a fhios acu go bhfuil an víreas orthu.

Is é HPV an t-ionfhabhtú gnéas-tarchurtha is coitianta ar domhan.

Cé atá i mbaol ar HPV?

Tá an baol ar HPV ar dhuine ar bith atá gníomhach go gnéasach. 

process of vaccination illustration

Conas HPV a chosc? 

Is é vacsaíniú an bealach is éifeachtaí chun HPV a chosc. Tugann na vacsaíní atá ar fáil san Eoraip cosaint ar na cineálacha HPV is cúis leis an gcuid is mó de na hailsí ceirbheacs, faighne, pite, boda, anasacha agus béalfharaingeacha. Ó tugadh isteach é, tá laghdú suntasach tagtha ar ionfhabhtuithe agus ar ghalair a bhaineann le HPV de bharr an vacsaínithe in aghaidh HPV.

Is é an bealach is fearr le cosaint a dhéanamh ar ionfhabhtú agus ar ghalair a bhaineann le HPV níos déanaí sa saol ná leanaí a vacsaíniú sula mbeadh seans maith ann go mbeidís i dteagmháil le HPV. D'fhéadfadh freagairtí imdhíonachta níos láidre a bheith ag daoine óga tar éis vacsaínithe ná mar a bheadh ag daoine níos sine, rud a thugann cosaint níos fearr dóibh ar ionfhabhtú.

Déantar vacsaíniú in aghaidh HPV go rialta ar leanaí - de ghnáth idir 9 mbliana agus 14 bliana d'aois - i gcomhréir le sceidil vacsaínithe náisiúnta.

Má úsáidtear coiscíní le linn gnéis, laghdaítear an baol go dtolgfaí HPV. Mar sin féin, ní féidir le coiscíní cosaint iomlán a sholáthar toisc gur féidir leis an víreas scaipeadh fós trí theagmháil leis na limistéir chraicinn timpeall na mball giniúna nach bhfaigheann cosaint ó choiscíní.

Conas a chóireáiltear HPV?

Níl aon chógais ann chun deireadh a chur le HPV féin.

Tá cóireálacha ar fáil do na galair arb é HPV is cúis leo. Is féidir cóireáil a chur ar fhaithní agus ar athruithe réamhailseacha ceall le cógais agus le hobráid, lena n-áirítear mionghnáis mháinliachta amhail reo. Tá cógais, obráid agus cóireálacha eile ar fáil freisin chun cóireáil a chur ar ailsí arb é ionfhabhtú HPV is cúis leo, má thagann siad chun cinn.

Toisc gur féidir blianta fada a bheith i gceist maidir le teacht chun cinn ailsí a bhaineann le HPV, is féidir le scagthástáil cuidiú le hathruithe sa chorp a aimsiú sula bhforbraíonn siad ina n-ailse. I gcás go mbaintear nó go gcuirtear cóireáil ar na hathruithe ‘réamhailseacha’ sin, laghdaítear an baol go mbeadh siad ina n-ailse níos déanaí. I mórán tíortha, tá scagthástáil le haghaidh ailse ceirbheacs ar fáil do mhná, i gcomhréir le moltaí náisiúnta. Tá scagthástáil le haghaidh ailsí eile a bhaineann le HPV i ndaoine atá i mbaol ar fáil freisin i roinnt réigiún.

Má theastaíonn comhairle uait faoi roghanna cóireála nó scagthástála, téigh i gcomhairle i gcónaí le do dhochtúir nó le soláthraí cúraim sláinte eile.

All the videos are available in 23 EU languages. Turn on subtitles in your language. 

--------------------------------------------------------------------

Tagairt:

(1) An Fhaireachlann Dhomhanda um Ailse: Cancer Today (leagan 1.1). Lyon, an Fhrainc: An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Thaighde ar Ailse.

Nóta: Is chun críche faisnéis ghinearálta an fhaisnéis sa bhileog eolais seo, agus níor cheart í a úsáid in ionad shaineolais agus breithiúnas aonair ó ghairmí cúraim sláinte.

Tuilleadh bileog eolais

measles infection

Fíricí tábhachtacha maidir le bruitíneach, siomptóim, deacrachtaí, fachtóirí riosca, conas a scaiptear í, conas í a chosc agus a chóireáil

influenza infection

Fíricí tábhachtacha maidir leis an bhfliú, siomptóim, dul in aimhréidh, tosca riosca, conas a scaiptear é agus conas é a chosc agus conas cóireáil a chur ina aghaidh.

pertussis infection

Fíricí tábhachtacha maidir le triuch, siomptóim, deacrachtaí, fachtóirí riosca, conas a scaiptear é, conas é a chosc agus a chóireáil.

Page last updated