Buntáistí an vacsaínithe
Tá vacsaíní tar éis beatha na milliúin duine san Eoraip agus ar fud an domhain a shábháil. A bhuíochas den vacsaíniú forleathan, tá deireadh curtha leis an mbolgach agus le póilio san Eoraip agus is annamh anois iad galair a bhí coitianta roimhe seo dá bharr fosta.
Trí vacsaín a fháil, cosnaítear daoine ar bhreoiteacht thromchúiseach, agus, uaireanta, ar an mbás a fháil de bharr galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú. Cuireann sé cosc freisin ar scaipeadh na ngalar sin i measc ball teaghlaigh, cairde, comhghleacaithe, comhscoláirí agus sa phobal i gcoitinne.
Meastar go bhfuil an vacsaíniú ar cheann de na hidirghabhálacha sláinte poiblí is costéifeachtaí toisc go bhfaightear réidh dá bharr leis na costais a bhaineann le cóireáil a chur ar agus le haire a thabhairt do dhaoine a n-éireodh tinn murach iad.
Agus vacsaín faighte ag daoine i ndaonra atá imdhíonach ar ghalar tógálach, ní dócha go scaipfí an galar sin ó dhuine go duine ann ansin. Sa chaoi sin, cosnaítear daoine ar ráigeanna galair agus, nuair a bhíonn dóthain daoine imdhíonach, is féidir leis an ‘imdhíonacht phobail’ nó ‘imdhíonacht tréada’ a bheith mar thoradh air. Cuidíonn sé sin ní hamháin leo siúd atá vacsaínithe a chosaint ach fosta, go hindíreach, ach iad siúd atá níos leochailí i leith galair a chosaint leis. Ina measc sin leanaí óga, daoine scothaosta, daoine ag a bhfuil córais imdhíonachta lagaithe acu, othair ailse agus daoine nach féidir a vacsaíniú ar chúiseanna leighis a bhíonn i mbaol nuair a scaiptear galair i bpobail, agus, dá bhrí sin, is féidir leis an vacsaíniú cosaint a thairiscint dóibhsean chomh maith.
Cé chomh tógálach is atá galair éagsúla?
I gcás roinnt galar tógálach, ní féidir a bheith ag brath ar an imdhíonacht phobail mar chosaint orthu. Sampla amháin den sórt sin é teiteanas ar féidir leis a fhorbairt mar thoradh ar ghnáthghortuithe, cuir i gcás gearrthacha, scríobthaí agus greamanna ó mhadra nó ó chat. Is é an vacsaíniú an t-aon bhealach chun cosaint dhíreach ar theiteanas a chinntiú.
Murab ionann agus cóireáil a thugtar chun tinneas a leigheas, is iondúil go dtugtar vacsaíní do dhaoine sláintiúla chun iad a chosc ar éirí tinn. Cé nach léir láithreach bonn na buntáistí fadtéarmacha a bhaineann le vacsaín a fháil, d’fhéadfadh an-chuid de na galair atá tar éis éirí annamh go leor sa lá atá inniu ann teacht ar ais murach an vacsaíniú.
Tá sé nádúrtha go mbeadh ceisteanna agat faoi vacsaíní agus cinneadh á dhéanamh agat tú féin nó duine de do mhuintir a vacsaíniú. Ar an leathanach seo tá cuid de na ceisteanna is coitianta a d’fhéadfadh a bheith ag daoine faoi vacsaíní, agus cuirtear ar fáil freagraí bunaithe ar fhíricí orthu chomh maith.
Cé ba chóir a bheith cúramach faoi vacsaín a fháil agus cathain a thabharfaidh dochtúirí comhairle ina choinne sin?
Múineann vacsaíní dár gcórais imdhíonachta conas galar a chomhrac. Foghlaimímis conas a oibríonn siad chun sinn a chosaint ar éirí tinn.