Cad atá ar na bacáin? Todhchaí na forbartha vacsaíní

Tá taighde i réimse an vacsaínithe de shíor ag athrú agus leas á bhaint as teicneolaíochtaí nua chun déine roinnt galar a laghdú nó chun iad a dhíothú go hiomlán ón bpobal. 

Ó forbraíodh an chéad vacsaín in 1796, tá eolaithe ag cuardach bealaí nua chun daoine a chosaint ar ghalair thógálacha tríd an vacsaíniú. Cé gur féidir, sa lá ata inniu ann, galair mharfacha agus galair thar a bheith díblithe araon a chosc go hiomlán a bhuí leis an vacsaíniú, maraíonn galair eile amhail maláire na mílte duine ar fud an domhain gach bliain. Dá bhrí sin, is tosaíocht sláinte poiblí i gcónaí é taighde agus forbairt a dhéanamh ar vacsaíní nua, mar aon le rochtain ar vacsaíní atá ann cheana a mhéadú.

Tá sé theicneolaíocht – nó ardán – vacsaíne ar an bhfód anois a n‑úsáideann taighdeoirí iad chun vacsaíní a fhorbairt. Gné eile den dul chun cinn is mó a bhfuil gealladh fúithi ó thaobh teicneolaíochtaí vacsaíne de is ea vacsaíní mRNA agus DNA. Tá sé d’acmhainn ag na teicneolaíochtaí sin a bheith ina gcúis le fionnachtain fiú taobh amuigh de ghalair thógálacha, cuir i gcás chun cineálacha áirithe ailse a chosc nó a chóireáil.
 

Vacsaíní mRNA

Tá an teicneolaíocht teachtaire RNA, nó mRNA, á forbairt agus tá taighde á dhéanamh uirthi ó na 1960í i leith. Sna chéad trialacha ar vacsaíní mRNA, rinneadh iniúchadh ar an gcaoi a bhféadfaí iad a úsáid chun Ebola a chosc. Le linn phaindéim COVID-19, athraíodh na hiarrachtaí luatha sin chun aghaidh a thabhairt ar COVID-19. Ba in 2020 a ceadaíodh an chéad vacsaín mRNA lena húsáid san Eoraip agus ba í sin an vacsaín in aghaidh COVID-19.  

Tástáladh an teicneolaíocht mRNA freisin i dtrialacha cliniciúla i gcoinne galair thógálacha eile cosúil leis an bhfliú, RSV agus Zika. 

Táthar ag breathnú ar an teicneolaíocht mRNA ó na 1970í i leith chun vacsaíní a fhorbairt in aghaidh cineálacha áirithe ailse amhail meileanóma agus ailse scamhóg agus fiú mar chineálacha nua cóireála ailse. Leis an teicneolaíocht sin, cuireadh ar chumas dul chun cinn sa réimse taighde cuidiú le cosc a chur ar fhilleadh ailsí ionsaitheacha tar éis obráide chomh maith le múineadh don chorp ionsaí a dhéanamh ar roinnt cineálacha ailse sula mbíonn deis acu fás. 

Vacsaíní DNA

Oibríonn vacsaíní DNA, ar a dtugtar freisin vacsaíní plasmaide, trí sheichimh ghearra DNA a sheachadadh isteach inár gcorp ina bhfuil na treoracha maidir le hantaiginí a tháirgeadh ó víreas nó ó bhaictéir ar leith. Agus an vacsaín sa chorp, úsáideann ár gcealla an seicheamh DNA agus tosaíonn siad ag táirgeadh na n‑antaiginí sin. Cuireann sé seo ar chumas ár gcóras imdhíonachta foghlaim conas an galar a aithint agus conas troid ina aghaidh má nochtar sinn dó riamh. 

Ceann de na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcur chuige sin is ea gurbh fhéidir le freagairt an chórais imdhíonachta a bheith i bhfad ní ba láidre ná mar a bheadh sé i gcás cineálacha eile vacsaíní. Tá vacsaíní DNA níos cobhsaí agus níos éasca a tháirgeadh ná vacsaíní mRNA toisc nach gá iad a choinneáil ag teochtaí i bhfad faoi bhun an reophointe, rud a chuirfeadh feabhas mór ar rochtain orthu. 

Thángthas ar acmhainneacht vacsaíní DNA den chéad uair sna 1980í. Tá taighde fós á dhéanamh ar vacsaíní DNA agus níor ceadaíodh aon cheann acu lena húsáid i ndaoine in AE/in LEE go fóill. Tá trialacha cliniciúla ar siúl ar fud an domhain chun imscrúdú a dhéanamh ar a sábháilteacht agus a n‑éifeachtúlacht i gcoinne roinnt galar tógálach. Baineadh úsáid as vacsaíní DNA den chéad uair in ainmhithe in 1993 agus tá roinnt vacsaíní ceadaithe DNA lena n‑úsáid in ainmhithe sna Stáit Aontaithe agus in AE/in LEE. In India in 2021, ceadaíodh an chéad vacsaín DNA lena húsáid i ndaoine chun cosaint a dhéanamh ar COVID-19. D’fhéadfadh vacsaíní DNA ligean le raon leathan féidearthachtaí nach bhfuil ar fáil faoi láthair, lena n‑áirítear vacsaín in aghaidh VEID, i measc riochtaí sláinte eile. 

Mar is amhlaidh le gach vacsaín agus cógas eile san Eoraip, beidh ar vacsaíní DNA a léiriú go bhfuil siad sábháilte agus éifeachtach sula gceadófar lena n‑úsáid i ndaoine iad. 
 

Cineálacha nua seachadta vacsaíne 

In ainneoin go bhfuil vacsaíní sábháilte, éifeachtach agus eacnamaíoch, is féidir le snáthaidí a bheith scanrúil, go háirithe do leanaí. Tá go leor taighde ar siúl faoi láthair ar bhealaí nuálacha chun vacsaíní a thabhairt. Seo a leanas roinnt féidearthachtaí: