Víreas sincítiach riospráide (RSV)
Cad é RSV?
Is víreas riospráide coitianta é an víreas sincítiach riospráide (RSV) a bhíonn ina chúis le siomptóim éadroma, amhail siomptóim an tslaghdáin. Is iondúil go dtagann daoine a tholgann RSV ar ais chucu féin thart ar sheachtain gan gá a bheith ann le cóir leighis a fháil. Mar sin féin, i gcás naíonáin faoi bhun 6 mhí d’aois, i gcás daoine os cionn 65 bliana d’aois, agus i gcás daoine a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu, is féidir RSV a bheith ina chúis le breoiteacht thromchúiseach nó le bás fiú.
San Eoraip, bíonn RSV freagrach as thart ar 250 000 leanbh faoi 5 bliana d’aois a thabhairt isteach san ospidéal, agus bíonn dianchúram ag teastáil ó chuid de na leanaí sin, agus as thart ar 160 000 duine fásta a thabhairt isteach san ospidéal gach bliain. Tolgann duine as gach fiche duine scothaosta san Eoraip RSV gach bliain.
Sracfhéachaint: RSV san Eoraip
- Galar riospráide arb é víreas is cúis leis
- Scaipeann RSV go furasta tríd an aer
- Tugtar thart ar 250 000 leanbh agus 160 000 duine fásta san isteach ospidéal gach bliain mar gheall air.
- Is féidir RSV a bheith ina chúis le breoiteacht thromchúiseach i naíonáin, i ndaoine scothaosta agus i ndaoine a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu.
- Is féidir RSV, agus na haimhréidheanna a ghabhann leis, a chosc ach a bheith vacsaínithe.
Cad iad siomptóim RSV?
Bíonn tionchar difriúil ag RSV ar aoisghrúpaí éagsúla, ach seo iad a leanas na siomptóim is coitianta a bhaineann leis an riocht sláinte:
- Casacht
- Sraothartach
- Fiabhras
- An tsrón a bheith ag sileadh
- Cársán
- Scornach thinn
- Tinneas cinn
- Plúchadh
- Tuirse
D’fhéadfadh siomptóim éagsúla a bheith ar naíonáin a tholgann RSV, mar shampla:
- Cantal;
- Laghdú goile;
- Athruithe ar a bpatrúin análaithe
- Aipnia (scor sealadach análaithe, go háirithe le linn codlata)
Is féidir RSV a bheith ina chúis leis na comharthaí seo a leanas i leanaí faoi bhun 5 bliana d’aois:
- Mear-análú;
- Deacrachtaí slogtha
- Seipsis
D’fhéadfadh na siomptóim seo a leanas a theacht ar dhaoine fásta a bhfuil RSV orthu:
- Mearbhall
- Giorra anála
Cad iad aimhréidheanna RSV?
Cé go mbíonn an chuid is mó de chásanna éadrom, is féidir bunriochtaí sláinte a dhul in olcas mar gheall ar RSV agus is féidir aimhréidheanna tromchúiseacha a bhféadfadh baol báis a bheith ag baint leo a bheith mar thoradh air freisin. I measc na n‑aimhréidheanna a bhaineann le ionfhabhtú tromchúiseach RSV tá broincíníteas, athlasadh na n‑aerbhealaí beaga sa scamhóg, agus niúmóine – ar ionfhabhtú ar na scamhóga é.
I gcás naíonán agus leanaí óga, bíonn nasc idir comharthaí dian-ionfhabhtaithe RSV a mbíonn cóir leighis phráinneach ag teastáil ina leith agus deacracht análaithe. Bíonn gá le cúram leighis práinneach má bhítear ag gearranálú go héadrom, má bhíonn athlasadh polláirí ann le linn ionanálaithe, nó má bhíonn análú torannach, sosanna análaithe nó titim isteach an chliabhraigh i gceist. Chomh maith leis sin, ba cheart do thuismitheoirí a bheith airdeallach ar dhath gorm nó liath a bheith ag teacht ar na liopaí, ar an mbéal nó ar na hingne toisc gur comhartha é sin de leibhéil fhíor-ísle ocsaigine san fhuil.
D’fhéadfadh seipsis teacht ar naíonáin freisin – ar ionfhabhtú ar an sruth fola é a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le siomptóim éagsúla lena n‑áirítear titim brú fola, méadú ráta croí agus fiabhras. D’fhéadfadh aimhréidheanna cosúil le galar scamhóige toirmeascach ainsealach (COPD) agus galar croí a bheith mar thoradh ar ionfhabhtú RSV in othair scothaosta.
Conas a scaiptear RSV?
Scaiptear RSV ó dhuine go duine go príomha trí cháithníní a scaoileann duine ionfhabhtaithe isteach san aer (go háirithe agus iad ag caint, ag canadh, ag béicíl, ag sraothartach, ag casacht etc.). Is féidir leis na cáithníní sin dul a fhad le daoine eile gar dóibh, ar féidir leo iad a análú isteach.
De ghnáth, daoine a bhfuil RSV orthu, scaipeann siad an víreas ar feadh 3 go 8 lá agus is féidir leo tosú ar é a scaipeadh lá nó dhó sula mbraitheann siad tinn. Is féidir le roinnt leanaí agus daoine a bhfuil córas imdhíonachta lag acu leanúint de RSV a scaipeadh ar feadh 4 seachtaine nó níos mó, fiú tar éis dóibh teacht ar ais chucu féin.
Is féidir le cáithníní níos mó (braoiníní) tuirlingt ar dhromchlaí a bhféadfadh daoine eile teagmháil a dhéanamh leo freisin, rud a fhágann go dtógann siad an víreas ar a lámha agus go bhfaigheann siad an t‑ionfhabhtú nuair a dhéanann siad teagmháil lena súile, lena srón nó lena mbéal. Is modh coitianta tras-seolta é sin do naíonáin agus do leanaí óga a dhéanann teagmháil le dromchlaí agus bréagáin ionfhabhtaithe nó a chuireann ina mbéal iad.
Cé atá i mbaol RSV a tholgadh?
Is féidir le duine ar bith RSV a tholgadh gan beann ar a n‑aois agus ionfhabhtaítear beagnach gach leanbh le RSV faoin am a bhíonn siad 2 bhliain d’aois.
I measc na ndaoine is mó a bhíonn i mbaol galar tromchúiseach a tholgadh tá naíonáin réamhaibí agus leanaí faoi bhun 6 mhí d’aois, daoine fásta níos sine, daoine scothaosta os cionn 65 bliana d’aois agus daoine ag a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu nó ar a bhfuil bunriochtaí sláinte amhail diaibéiteas, galar croí agus galar scamhóige.
Cén chaoi ar féidir RSV a chosc?
D’fhonn cosaint a thabhairt do phobail atá i mbaol RSV tromchúiseach a tholgadh, tá roinnt cineálacha táirgí imdhíonta údaraithe lena n‑úsáid le haghaidh grúpaí éagsúla den daonra san Aontas le blianta beaga anuas. Léirítear sna treoirlínte náisiúnta cé acu díobh sin a mholtar i ngach tír.
Is próitéiní de dhéantús saotharlainne iad antasubstaintí monaclónacha a fheidhmíonn mar uirlisí beachta chun cabhrú le do chorp pataigin ar leith a chomhrac. I gcás RSV, tugtar antasubstaintí monaclónacha do leanaí nuabheirthe agus naíonáin chun iad a chosaint ar RSV tromchúiseach le linn a gcéad séasúir RSV, agus is féidir iad a thabhairt do leanaí suas le 24 mhí d’aois atá fós leochaileach do ghalar RSV tromchúiseach le linn a ndara séasúir RSV.
Tá vacsaín RSV ann freisin atá údaraithe do dhaoine fásta atá 18 mbliana d’aois nó níos sine, agus atá údaraithe freisin mar vacsaín mháthartha. Ag brath ar mholtaí náisiúnta, tugtar an vacsaín sin le linn toirchis chun cabhrú le naíonáin a chosaint trí antasubstaintí cosanta a aistriú chuig an bhféatas tríd an bplacaint.
Tá dhá vacsaín RSV eile údaraithe do dhaoine fásta atá 60 bliain d’aois agus níos sine, agus tá tásca i ngach ceann acu freisin d’aoisghrúpaí níos óige sonracha atá i mbaol níos airde galar tromchúiseach a fhorbairt.
Trí na bearta seo a leanas a dhéanamh, is féidir cuidiú le leathadh RSV a theorannú agus daoine atá leochaileach do ghalar tromchúiseach a chosaint:
- na lámha a ní agus a dhíghalrú go minic
- an tsrón agus an béal a chlúdach agus tú ag sraothartach
- teagmháil le daoine eile a sheachaint nuair a bhíonn siad tinn
Cén chóir leighis atá ann in aghaidh RSV?
De ghnáth, ní bhíonn gá le cóireáil ar bith i gcás ionfhabhtú éadrom le RSV toisc go mbíonn biseach ar an duine ionfhabhtaithe tar éis cúpla lá. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar naíonáin faoi bhun 6 mhí d’aois fanacht san ospidéal ionas go ndéanfaí monatóireacht ar a n‑análú agus ar a leibhéil ocsaigine.
I gcásanna tromchúiseacha, áfach, is féidir cúram tacaíochta, tacaíocht análaithe agus cógas frithvíreasach a bheith ina gcuid de chóireáil ospidéil in éineacht le cóireáil shonrach le haghaidh aimhréidheanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn.