Tuismitheoirí nua agus tuismitheoirí atá ag súil le páiste
Is féidir le vacsaíniú tuismitheoirí agus a leanaí a chosaint roimh thoircheas, lena linn agus ina dhiaidh.
Lagaítear córas imdhíonachta duine beagáinín le linn toirchis. D’fhéadfadh sé sin dul i bhfeidhm ar a gcumas ionfhabhtú a chomhrac a laghdú. Fágann sé sin, i dteannta leis na hathruithe eile a tharlaíonn sa chorp le linn toirchis, gur féidir le daoine torracha a bheith i mbaol níos airde ionfhabhtuithe áirithe a tholgadh agus deacrachtaí féideartha. Mar shampla, d’fhéadfadh COVID-19 agus an fliú a bheith ní ba dhéine le linn toirchis.
Roinntear córas imdhíonachta duine atá torrach lena leanbh neamhbheirthe agus is féidir le roinnt ionfhabhtuithe a d’fhéadfadh siadsan a tholg dul i bhfeidhm ar an leanbh freisin. Is féidir le galair cosúil leis an mbruitíneach dhearg (rubella) agus deilgneach (varicella) a bheith ina gcúis le lochtanna ó bhroinn. Is féidir leo – agus an fliú – an baol a bhaineann le breith anabaí a mhéadú. Trí chinntiú go bhfuil na vacsaínithe is deireanaí faighte agat i gcoinne na bruitíní deirge agus deligní (mura raibh deilgneach ort riamh) agus trí vacsaín a fháil roimh thoircheas más gá, méadaítear an chosaint don an tuismitheoir agus don leanbh araon.
Moltar roinnt vacsaíní a ghlacadh le linn toirchis, agus cabhraíonn siad sin freisin le leanbh nuabheirthe a chosaint sa tréimhse chriticiúil díreach tar éis breithe sular féidir iad a vacsaíniú.
Tugtar eolas sa chuid seo do thuismitheoirí nua agus do thuismitheoirí atá ag súil le páiste maidir le vacsaín a fháil roimh thoircheas, lena linn agus ina dhiaidh ionas gur féidir leo a n‑aird agus a bhfuinneamh a dhíriú ar a dteaghlach.
Vacsaíniú roimh thoircheas
Trína áirithiú go bhfuil do chuid vacsaínithe cothrom le dáta, is féidir cosc a chur ar chuid de na bagairtí is tromchúisí ar do leanbh.
Vaccination during pregnancy
Vaccinating a pregnant person protects them from potentially severe disease and complications during their pregnancy and can also extend that protection to a newborn after birth.
Ceisteanna agus freagraí ionchasacha do thuismitheoirí nua agus do thuismitheoirí atá ag súil le páiste
Táimid ag súil le leanbh, cad iad na vacsaíní ba cheart dom a fháil roimh ré?
Má tá sé beartaithe agat éirí torrach, ba cheart duit a chinntiú go bhfuil tú vacsaínithe in aghaidh na bruitíní deirge agus labhairt le do dhochtúir faoi aon vacsaíniú eile a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uait. Má tholgtar an bhruitíneach dhearg le linn toirchis, is féidir léi a bheith ina cúis le breith anabaí nó le díobháil thromchúiseach don leanbh, amhail míchumas ar feadh an tsaoil.
Murar tholg duine éigin deilgneach nó mura bhfuair siad an vacsaín in aghaidh deilgní, tá sé thar a bheith tábhachtach machnamh a dhéanamh maidir leis an vacsaín in aghaidh an ghalair sin a fháil toisc gur féidir le deilgneach a bheith ina cúis le deacrachtaí tromchúiseacha sa leanbh má tholgtar í le linn toirchis.
Tá sé tábhachtach labhairt le do dhochtúir faoi na riachtanais shonracha atá agat féin i dtaobh vacsaínithe agus toirchis.
Faigh amach faoi vacsaíniú roimh thoircheas agus conas do leanbh neamhbheirthe a chosaint ach cliceáil anseo.
Cad iad na vacsaíní ba cheart dom a fháil le linn toirchis?
Féadfar vacsaíní a fhaightear le linn toirchis (vacsaíniú máthartha), in aghaidh galair amhail triuch (pertussis), fliú agus víreas sincítiach riospráide (RSV) a mholadh toisc gur féidir leo do leanbh a chosaint le linn a gcéad chúpla mí den saol agus go dtí go mbeidh siad in ann vacsaín a fháil.
Tabhair faoi deara, áfach, nach féidir leat a bheith vacsaínithe i gcoinne na ngalar go léir le linn toirchis. Mar shampla, ní féidir tú a vacsaíniú i gcoinne na bruitíní deirge ná deilgní, mar is vacsaíní beo iad sin ina bhfuil leagan lagaithe den bhfrídín is cúis leis an ngalar. De ghnáth, moltar iad a fháil roimh thoircheas, más féidir.
Tá sé tábhachtach labhairt le do dhochtúir faoi na riachtanais shonracha atá agat féin i dtaobh vacsaínithe agus toirchis.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi vacsaíniú le linn toirchis, cliceáil anseo.
An féidir le vacsaíní difear a dhéanamh do mo dheiseanna éirí torrach?
An féidir le vacsaíní difear a dhéanamh do mo dheiseanna éirí torrach?
Ní théann vacsaíniú i bhfeidhm ar do thorthúlacht. Níl aon fhianaise ann go mbíonn aon tionchar diúltach ag aon vacsaíní ar thorthúlacht na bhfear nó na mban.
Is féidir le roinnt vacsaíní, mar shampla iad siúd i gcoinne na bruitíní deirge agus RSV, do leanbh a chosaint le linn toirchis agus tar éis breithe. Chun tuilleadh eolais a fháil, cliceáil anseo agus anseo.
Táim ag iompar clainne; an féidir le vacsaíní díobháil a dhéanamh don leanbh sa bhroinn?
Tá vacsaíniú sábháilte duit féin agus do do leanbh. Mar sin féin, má tá tú ag iompar clainne nó ag má tá tú ag smaoineamh ar éirí torrach, tá sé tábhachtach do dhochtúir a chur ar an eolas agus comhrá a bheith agat leo maidir leis na vacsaíní a mholtar i do chás-sa agus na vacsaíní is ceart a chur siar go dtí níos déanaí.
Agus tú ag iompar clainne, tá sé tábhachtach dul i gcomhairle le treoirlínte náisiúnta maidir le vacsaíniú agus le do dhochtúir. Moltar roinnt vacsaíní (vacsaíní RSV, COVID-19, fliú)a fháil le linn toirchis chun tú féin agus do leanbh neamhbheirthe a chosaint.
Faigh amach faoi mholtaí náisiúnta maidir le vacsaíniú le linn toirchis ach cliceáil anseo.
Cén fáth a mholtar gan vacsaíní áirithe a fháil le linn toirchis?
Úsáideann vacsaíní caolaithe beo foirm lagaithe (nó chaolaithe) den bhfrídín is cúis le galar ar leith chun freagairt imdhíonachta ina choinne a spreagadh. Ní féidir leis na foirmeacha sin a bheith ina gcúis le galar i ndaoine sláintiúla, ach bíonn seans ann go bhféadfadh siad an leanbh neamhbheirthe a ionfhabhtú. Cé gur beag go leor an seans sin, is fearr na vacsaíní sin a fháil roimh thoircheas.
Is samplaí de vacsaíní caolaithe beo iad na vacsaíní in aghaidh na ngalar seo a leanas:
- An bhruitíneach dhearg
- Deilgneach
- An bhruitíneach
Má tá tú ag iompar clainne nó ag má tá tú ag smaoineamh ar éirí torrach, tá sé tábhachtach do dhochtúir a chur ar an eolas agus comhrá a bheith agat leo maidir leis na vacsaíní a mholtar i do chás-sa agus na vacsaíní is ceart a chur siar go dtí níos déanaí.
Faigh amach faoi mholtaí náisiúnta maidir le vacsaíniú le linn toirchis ach cliceáil anseo.
Vacsaíníodh mé mar leanbh; an gá dom aon teanndáileoga a fháil agus mé torrach?
Ós rud é gur féidir leis an gcosaint a chuireann roinnt vacsaíní ar fáil laghdú le himeacht ama, is an-smaoineamh é seiceáil le do dhochtúir faoi aon teanndáileoga a mholtar roimh thoircheas nó lena linn.
Molann formhór na mBallstát de AE agus na dtíortha in LEE vacsaíniú in aghaidh fliú agus treacha le linn gach toirchis, ag brath ar an uair dheireanach a vacsaíníodh an duine lena mbaineann – toisc gur féidir leo an leanbh a chosaint le linn a gcéad seachtainí agus mhíonna den saol.
Faigh amach faoi mholtaí náisiúnta maidir le vacsaíniú le linn toirchis ach cliceáil anseo.
An féidir liom vacsaín a fháil má táim ag tabhairt beathú cíche do leanbh?
Is féidir le máithreacha atá ag tabhairt beathú cíche dá leanaí aon vacsaíní a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uathu a fháil mar ba ghnách. Níl aon fhianaise ann go bhféadfadh vacsaíniú cur isteach ar bheathú cíche ná go bhféadfadh sé do leanbh a chur i mbaol más rud é go bhfuil tú á bheathú ar an gcíoch.
Cé nach moltar iad a fháil le linn toirchis, tá vacsaíní caolaithe beo sábháilte fiú agus leanbh á bheathú ar an gcíoch agat toisc nach féidir víris ná baictéir lagaithe a tharchur trí bhainne cíche.
Tá roinnt antasubstaintí le fáil i mbainne cíche ar féidir iad a chur ar aghaidh chuig do leanbh, go háirithe le linn na gcéad chúpla seachtain den saol. Imíonn an chosaint sin go han-tapa fiú má leanann tú de bheathú cíche a thabhairt don leanbh, mar sin tá sé tábhachtach go ndéanfaí do leanbh a vacsaíniú de réir sceideal vacsaínithe leanaí náisiúnta do thíre.
Is féidir le vacsaíniú na máthar cosaint a chur ar fáil freisin do leanaí nuabheirthe a chosaint go dtí gur féidir iad féin a vacsaíniú.
Má dhéantar do leanbh a vacsaíniú in am, tugtar an chosaint is fearr is féidir dóibh – rud a fhágfaidh go mbeidh tú in ann díriú ar am a chaitheamh le do linbhín.
An féidir liom fanacht go dtí go mbeidh ráig ann chun mo leanbh a vacsaíniú?
D’fhéadfá do leanbh a chur i mbaol ionfhabhtaithe gan ghá trí fhanacht le haghaidh ráige sula ndéantar do leanbh a vacsaíniú.
De ghnáth, tógann vacsaíniú roinnt ama (suas le coicís) sula gcuireann sé an leibhéal cosanta is fearr ar fáil agus bíonn dáileoga iolracha vacsaíne de dhíth ar roinnt galar chun an chosaint is fearr a fháil. D’fhéadfadh an fhorbairt siomptóm tar éis ionfhabhtaithe roinnt ama a thógáil, rud a chiallaíonn go bhféadfadh sé a bheith deacair fios a bheith agat cathain go díreach a thosaigh an ráig agus daoine a ionfhabhtaíodh a sheachaint.
Ar mhaithe le do shuaimhneas intinne agus chun an tús is fearr a chinntiú do do leanbh, lean sceideal náisiúnta vacsaínithe na hóige i do thír.