An fliú
Céard é an fliú?
Galar riospráide tógálach is ea an fliú arb ionfhabhtú leis an víreas fliú is cúis leis. Tarlaíonn an fliú san Eoraip ina eipidéimí bliantúla tráthrialta i rith an gheimhridh.
Meastar go ndéantar suas le 50 milliún duine a ionfhabhtú le víris fliú shéasúraigh san Aontas Eorpach (AE)/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) gach bliain.
Is féidir ainmhithe a ionfhabhtú le fliú freisin (mar shampla, fliú éanúil agus fliú mucúil), agus i gcásanna áirithe, is féidir leosan daoine a ionfhabhtú ansin.
I dteannta leis na heipidéimí séasúracha, féadann víris fliú úrnua teacht aníos ó thráth go chéile agus tús a chur le paindéimí. Is ionann paindéim víris fliú agus víreas nua fliú dhaonna a bheith ag leathadh go tapa ar fud an domhain.
Sracfhéachaint. Fliú san Eoraip
- Galar riospráide arb é víreas is cúis leis
- Scaipeann an fliú go réidh tríd an aer
- Thart ar 50 milliún cás de fógartha agus 70 000 bás gach bliain
- Is féidir leis a bheith ina chúis le haimhréidheanna i ndaoine scothaosta agus i ndaoine a bhfuil a gcóras imdhíonachta lag
- Is féidir leis an vacsaíniú cosc fliú, agus na haimhréidheanna a ghabhann leis, a chosc

Céard iad siomptóim an fhliú?
Ní éiríonn gach duine breoite tar éis dó nó di an víreas fliú a tholgadh. Ina gcás siúd a éiríonn breoite leis, áirítear leis na siomptóim choitianta:
- fiabhras;
- tinneas cinn;
- pian sna matáin;
- a bheith ag aireachtáil go dona;
- an tsrón ag síleadh;
- scornach thinn;
- casacht.
Bíonn éagsúlacht mhór i gceist i dtaobh throime an ghalair, sa réimse idir a bheith gan siomptóim ar bith agus galar trom a bheith ort. Imíonn na siomptóim uathu féin i gcásanna neamhchasta, agus is iondúil go dtarlaíonn sé sin laistigh de sheachtain amháin ó bhuailtear an t-othar tinn.

Cén dul in aimhréidh a bhíonn i gceist leis an bhfliú?
Áirítear leis an dul in aimhréidh a ghabhann leis an bhfliú niúmóine agus einceifealaíteas (athlasadh inchinne).
Bíonn galar trom agus dul in aimhréidh níos coitianta i measc naíonáin an-óg, daoine scothaosta laga agus grúpaí áirithe daoine atá i mbaol i dtaobh cúrsaí míochaine. Is amhlaidh, áfach, nach mbíonn aon riocht leighis bunaidh ar thart ar leath na leanaí agus na ndaoine fásta in aois oibre a dteastaíonn dianchúram uathu.
Cén chaoi a scaiptear an fliú?
Scaipeann an fliú go héasca ó dhuine go duine, go príomha trí theagmháil dhíreach le táil ó othair ionfhabhtaíocha, cosúil le braoiníní sreabháin a scaoiltear amach nuair a dhéanann siad casacht nó nuair a easanálaíonn siad. Scaiptear é freisin trí tháil ar na lámha, ar chiarsúir agus ar dhromchlaí a leagann daoine lámh orthu.
Cé a bhíonn i mbaol an fhliú a tholgadh?
Ionfhabhtaítear tuairim ar 20% den phobal leis an bhfliú gach bliain, agus beidh siomptóim le sonrú ar dhuine amháin as gach ceathrar a ionfhabhtaítear.
Is minice beagán a ionfhabhtaítear leanaí ná daoine fásta, toisc gan a gcóras imdhíonachta a bheith lánfhorbartha. Chomh maith leis sin, is mó an seans go n-ionfhabhtófar leanaí mar gheall nach mbíonn siad chomh cúramach i dtaobh cúrsaí sláinteachais.
Is iad seo a leanas na grúpaí ardriosca:
- daoine scothaosta
- daoine, beag beann ar aois, a bhfuil riochtaí ainsealacha leighis orthu (amhail galar croí, iad siúd a bhfuil fadhbanna sna scamhóga nó sna haerchonairí acu, agus daoine a bhfuil diaibéiteas nó fadhbanna leis an gcóras imdhíonachta acu),
- mná torracha, agus
- leanaí faoi bhun cúig bliana d’aois.
Is mó seans go dtiocfaidh galar trom ar na daoine sin ná mar atá amhlaidh i gcás daoine atá folláin seachas an fliú a bheith orthu.

Cén chaoi ar féidir an fliú a chosc?
Is é an vacsaíniú an bealach is éifeachtaí chun an fliú a chosc. Molann Ballstáit an Aontais vacsaíniú séasúrach i gcoinne an fhliú do ghrúpaí ardriosca, amhail daoine scothaosta, in aois ó ≥ 50 go ≥ 65 bliana d’aois, ag brath ar an tír, agus do dhaoine a bhfuil riochtaí leighis ainsealacha orthu.
Ina theannta sin, molann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) agus an tAontas Eorpach (1) do thíortha feabhas a chur ar an gcumhdach vacsaínithe i gcás oibrithe cúraim sláinte. Cloíonn an chuid is mó de Bhallstáit an Aontais leis na moltaí ó EDS i dtaobh vacsaíniú a dhéanamh ar mhná torracha, agus cloíonn roinnt acu le moltaí i dtaobh vacsaíniú a dhéanamh ar leanaí folláine idir 6 mhí agus 5 bliana d’aois.
Ní mór na vacsaíní in aghaidh an fhliú shéasúraigh a thabhairt cothrom le dáta gach uile bhliain, ós rud é go mbíonn na víris fliú seasta ag teacht chun cinn.
Cén chóir leighis atá ann in aghaidh an fhliú?
I bhformhór na gcásanna den fhliú, cuirtear comhairle ar othair a scíth a ligean ar an leaba agus neart leachtanna a ól chun déileáil lena gcuid siomptóim. Íoslaghdaítear an baol go ndéanfar daoine eile a ionfhabhtú freisin ach fanacht sa bhaile. Moltar d’othair comhairle leighis a lorg más ag dul in olcas a bhíonn siad.
Is bearta sábháilte, éifeachtacha chun cóireáil a chur in aghaidh an fhliú iad cógais fhrithvíreasacha, ach iad a thógáil chomh luath agus is féidir tar éis do dhuine éirí tinn. Moltar go ginearálta iad i gcásanna ina bhfuil daoine san ospidéal, ina bhfuil siad buailte go dona ag an ngalar nó ina bhfuil an galar ag dul in olcas go tréan, agus freisin i gcás grúpaí ardriosca. (2).
Bíonn cásanna ann ina dtagann aimhréidh bhaictéarach ar othair tar éis ionfhabhtú leis an bhfliú, agus ní mór cóir leighis a chur orthu siúd le hantaibheathaigh.
Tagairtí:
(1) Moladh ón gComhairle Eorpach maidir le vacsaíniú in aghaidh fliú séasúrach [https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32009H101…]
I gcomhair a thuilleadh faisnéise féach láithreán gréasáin ECDC: https://www.ecdc.europa.eu/en/pertussis/facts (EN)
Nóta: Is chun críche faisnéis ghinearálta atá an fhaisnéis sa bhileog eolais seo, agus níor cheart í a úsáid mar ionadaí do shaineolas agus breithiúnas aonair ó ghairmí cúraim sláinte.
Tuilleadh bileoga eolais
An Bhruitíneach
Fíricí tábhachtacha maidir le bruitíneach, siomptóim, deacrachtaí, fachtóirí riosca, conas a scaiptear í, conas í a chosc agus a chóireáil
An triuch
Fíricí tábhachtacha maidir le triuch, siomptóim, deacrachtaí, fachtóirí riosca, conas a scaiptear é, conas é a chosc agus a chóireáil.
Deilgneach (varicella).
Fíricí tábhachtacha maidir le deilgneach (varicella), siomptóim, aimhréidheanna, fachtóirí riosca, conas a scaiptear í agus conas í a chosc agus cóireáil a chur uirthi.