Confadh

Bileog eolais

Céard é confadh?

Is ionfhabhtú víreasach é confadh a théann i bhfeidhm ar lárchóras na néaróg. D’fhéadfadh vacsaíniú agus cúram coisctheach go luath i ndiaidh nochtadh féideartha cosc a chur ar thús siomptóm. Nuair a bhíonn siomptóim ionfhabhtaithe le tabhairt faoi deara, níl aon leigheas air agus is galar marfach atá ann.  

Ar fud an domhain, tá víreas an chonfaidh mar bhonn leis na céadta mílte básanna gach bliain.  

Sracfhéachaint

  • Is ionfhabhtú é confadh ar féidir é a scaipeadh ó ainmhithe ionfhabhtaithe chuig daoine, trí ghreim nó scríob de ghnáth. I ndiaidh an ionfhabhtaithe, má thugtar siomptóim faoi deara, is galar marfach a bhíonn ann an chuid is mó den am.  
  • Tá confadh neamhchoitianta san Eoraip. In AE/ LEE taifeadadh aon chás amháin de chonfadh in aghaidh an duine in 2023 – an chéad chás ó 2019 tráth ar tuairiscíodh 5 chás (in 3 chás, tharla an t‑ionfhabhtú fad is a bhí daoine ag taisteal lasmuigh den Eoraip). Ar fud an domhain, tá 99 % de chásanna sa duine nasctha le madraí.  
  • Is féidir confadh a chosc trí vacsaíniú.

Faigh amach faoin vacsaín chonfaidh san áit a bhfuil tú. 

Cad iad siomptóim an chonfaidh?

I ndiaidh nochta, b’fhéidir nach mbeadh siomptóim le feiceáil i gcomhair roinnt seachtainí nó míonna fiú. Nuair a thosaíonn na siomptóim, forbraíonn an galar trí roinnt céimeanna:  

  • Drithlíní agus/nó mairbhití mórthimpeall ar chraiceann an ghreama nó na scríbe ba chúis leis an ionfhabhtú
  • Pian sna matáin
  • Masmas agus urlacan  
  • Hidreafóibe (anacair nuair a fheictear nó nuair a dhéantar teagmháil le leachtanna) agus aerafóibe (anacair mar thoradh ar aeráil, cosúil le fuinneoga nó doirse oscailte) nuair a bhíonn an galar ar dhuine

I ndiaidh thús na siomptóm, leanfaidh confadh ar aghaidh trí chéim fhíochmhar nó phairiliseach, le siomptóim i bhfad níos déine agus is bás an othair a bhíonn dá bharr i gcónaí. Seo a leanas siomptóim na gcéimeanna sin:

Fíochmhar:  

  • Suaitheadh nó ionsaitheacht mhíchuibheasach
  • Corrthónacht
  • Taomanna  
  • Speabhraídí
  • Rámhaille
  • Buille croí ag rásaíocht
  • Preabarnach matán
  • Pairilis aghaidhe
  • Seiliú míchuibheasach

Pairiliseach:

  • Laige a thosaíonn san áit ar tharla an greim agus a scaipeann chuig an gcorp iomlán
  • Drithlíní agus braistintí eile
  • Pairilis  
  • Cóma

Cén chaoi a scaiptear confadh?

D’fhéadfadh confadh scaipeadh chuig daoine trí nochtadh do sheile ó ainmhí ionfhabhtaithe, mar shampla trí ghreim nó scríob nó trí ainmhí a bheith ag lí duine éigin mórthimpeall ar a súile, a mbéal nó créacht oscailte. Tá beagnach gach cás de chonfadh sa duine mórthimpeall an domhain á dtarchur ag madraí ionfhabhtaithe, ach bhí ialtóga freagrach freisin as daoine a ionfhabhtú.  

Cé atá i mbaol confaidh a tholgadh?

In AE/LEE, ní dócha go ndéanfaidh daoine teagmháil le hainmhí ionfhabhtaithe. Ach tá baol níos airde luaite le daoine a thaistealaíonn lasmuigh de AE/LEE, nó leo siúd a oibríonn le mamaigh a d’fhéadfadh confadh a tharchur.  

Cén chaoi ar féidir confadh a chosc?

Is féidir le vacsaíniú daoine a chosaint i gcoinne confaidh. Is féidir an vacsaín chonfaidh a thabhairt i ndiaidh nochta agus roimh thús na siomptóm freisin, rud a laghdaíonn an dóchúlacht go mbeidh duine tinn. Sa chás go bhfuil a leithéid ar fáil, b’fhéidir go bhféadfaí tabhairt glóbailine imdhíonachta a bhreithniú freisin, go háirithe i gcás daoine nach raibh vacsaínithe roimh an nochta.

Ba cheart do dhaoine atá ag taisteal chuig ceantair ina bhfuil an riosca nochta suntasach a chinntiú go bhfuil siad vacsaínithe sula dtéann siad ag taisteal.

Ní mór gortuithe greama a ghlanadh go maith le gallúnach i gcomhair 15 nóiméad agus a dhífhabhtú ina dhiaidh sin.

Cén chóir leighis atá ann le haghaidh confaidh?

Níl aon bhealach ann chun confadh a chóireáil nuair a thugtar siomptóim faoi deara. I ndiaidh nochta, áfach, is féidir an vacsaín chonfaidh a thabhairt d’othair chun múineadh don chorp conas an t‑ionfhabhtú a throid sula sroicheann sé an inchinn. Beidh níos mó dáileog ag teastáil ó dhaoine nach raibh vacsaínithe roimhe sin.

Chomh maith leis sin, is féidir antasubstaintí a thabhairt do dhaoine nach raibh vacsaínithe roimh nochtadh (ar a dtugtar glóbailin imdhíonachta dhaonna) a chabhraíonn chun an t‑ionfhabhtú a throid.