An chaoi a n‑oibríonn vacsaíní

Oibríonn vacsaíní tríd an gcóras imdhíonachta a mhúineadh conas galar a chomhrac sa chás go n‑ionfhabhtófaí duine leis riamh. Sa chaoi sin, laghdaítear go mór mór an baol go n‑éireodh an duine lena mbaineann go dona tinn nó go scaipfí an galar chuig daoine eile. Is féidir le vacsaíní cosaint a thabhairt i gcoinne galair amháin nó roinnt galar. Uaireanta, d’fhéadfaí roinnt vacsaíní a thabhairt ag an am céanna chun cosaint a thabhairt ar scata galar.

Is féidir le vacsaíní cosaint a thabhairt i gcoinne galair amháin nó roinnt galar. Uaireanta, d’fhéadfaí roinnt vacsaíní a thabhairt ag an am céanna chun cosaint a thabhairt ar scata galar.

I gcás fhormhór na vacsaíní, bíonn foirm lagaithe nó neamhghníomhaithe (maraithe) de víreas nó de bhaictéar, nó cuid bheag den víreas nó den bhaictéar nach féidir léi galar a chruthú.

Nuair a thugtar an vacsaín do dhuine, aithníonn córas imdhíonachta an duine sin an antaigin mar choimhthíoch. Spreagtar sa chaoi sin do na cealla imdhíonachta antasubstaintí a tháirgeadh agus cuirtear ar chumas an chórais imdhíonachta an víreas nó an baictéar a aithint. 

As sin amach, má tholgann an duine sin an víreas nó má ionfhabhtaítear leis an bhfíorbhaictéar iad, beidh a gcóras imdhíonachta in ann é a aithint, agus ansin na hantasubstaintí cearta a tháirgeadh agus na cealla imdhíonachta cearta a ghníomhachtú go tapa, chun an víreas nó an baictéar a mharú. Cosnaítear an duine ar an ngalar sa chaoi sin.

Os a choinne sin, is féidir le daoine a fhaigheann a n‑imdhíonacht as an ngalar a tholgadh iad féin a chur i mbaol aimhréidheanna tromchúiseacha de dheasca an ghalair.

How vaccines work
1. Antaigin 2. Antasubstaintí 3. Freagairt imdhíonachta

Cosaint

Bíonn leibhéil éagsúla chosanta mar thoradh ar vacsaíní éagsúla. Athraíonn fad na cosanta ag brath ar an ngalar. Ní féidir le vacsaíní áirithe cosaint a thabhairt i gcoinne galair ach ar feadh tréimhse ghairid agus bíonn teanndáileoga ag teastáil in amanna. I gcás vacsaíní eile, d’fhéadfadh an duine a bheith imdhíonach go deo.

Cosnaíonn an vacsaíniú níos mó ná iad siúd a fhaigheann vacsaín. Tugann sé cosaint indíreach fosta do dhaoine sa phobal nach bhfuil vacsaín faighte acu tríd an riosca go nochtfaí d’ionfhabhtú iad a laghdú. Tugtar imdhíonacht phobail (nó imdhíonacht tréada) air sin.

Comhpháirteanna

Le cois antaigine amháin nó roinnt antaiginí, is féidir comhpháirteanna eile a chur leis an vacsaín freisin chun í a choinneáil cobhsaí agus éifeachtach. Tá sé de chúram ar rialtóirí a chinntiú go mbíonn na comhpháirteanna go léir sábháilte.

Áirítear ar na comhpháirteanna sin:

  • cobhsaitheoirí: coinníonn siad comhpháirteanna vacsaíní cobhsaí;
  • aidiúvaigh: feabhsaíonn siad an fhreagairt imdhíonachta ar an vacsaín tríd an bhfreagairt a dhéanamh níos láidre, níos tapúla agus níos leanúnaí le himeacht ama, cuir i gcás an t‑alúmanam;
  • Támháin: substaintí neamhghníomhacha is ea iad seo, amhail uisce, nó clóiríd sóidiam (salann), chomh maith le leasaithigh nó cobhsaitheoirí a chuidíonn leis an vacsaín a choinneáil seasmhach le linn stórála, agus í á coinneáil gníomhach dá réir sin.

I gcás cineálacha vacsaíní ar leith, d’fhéadfaí go mbeadh rianta de shubstaintí eile ann a úsáidtear le linn an phróisis déantúsaíochta, amhail ubh-albaimin (próitéin a fhaightear in uibheacha) nó neoimícin (antaibheathach). Más rud é go bhféadfadh na substaintí sin a bheith ina gcúis le frithghníomhú i ndaoine atá braiteach orthu nó i ndaoine ag a bhfuil ailléirgí, áirithítear go luaitear an méid sin san fhaisnéis a thugtar d’oibrithe cúraim sláinte agus d’othair araon.

Cineálacha vacsaíní

Tá móilín i vacsaíní mRNA ar a dtugtar aigéad ribeanúicléasach teachtaire (mRNA) a thugann treoracha dár gcealla maidir le conas troid in aghaidh galair.

Nuair a théann an mRNA atá sa vacsaín isteach inár gcealla, cuireann sé treoracha ar fáil chun próitéin neamhdhíobhálach a dhéanamh a mheaitseálann cuid den víreas a bhfuil an vacsaín deartha chun cosaint a thabhairt uirthi. 

Toisc go dtugtar treoracha le vacsaíní mRNA chun píosa beag den víreas a dhéanamh, ní féidir leo a bheith ina gcúis le tinneas. 

Tar éis dár gcealla tosú ar an bpróitéin a dhéanamh, aithníonn ár gcóras imdhíonachta mar choimhthíoch í, rud lena ngníomhachtaítear cealla imdhíonachta agus lena gcruthaítear antasubstaintí. Traenálann an próiseas sin ár gcóras imdhíonachta chun víris ina bhfuil an phróitéin sin a chomhrac, rud a chiallaíonn má thagann an corp ar an bhfíorvíreas, is fearr a bheidh sé in ann troid in aghaidh an ionfhabhtaithe.

Tá víreas neamhdhíobhálach i vacsaíní veicteora víreasaigh a sheachadann cuid bheag de chód géiniteach víris ar cúis le galair é chuig ár gcealla. Cé nach féidir leis an gcód sin sinn a dhéanamh tinn, is féidir leis freagairt imdhíonachta a spreagadh trí mhúineadh dár gcóras conas troid in aghaidh galair.

Is féidir le vacsaíní veicteora víreasaigh freagairt láidir imdhíonachta a spreagadh, rud a chiallaíonn gur féidir leo ardleibhéal cosanta ar ionfhabhtú nó ar ghalar tromchúiseach a chur ar fáil. 

Is éard atá i vacsaíní díghníomhaithe víris atá díghníomhaithe (nó maraithe) i saotharlann trí theas nó trí cheimiceáin a úsáid.

Ní féidir le víris dhíghníomhaithe iad féin a atáirgeadh ná a bheith ina gcúis le breoiteacht ach is féidir leo a bheith ina gcúis le freagairt imdhíonachta sa chorp, ámh. Nuair a fhaigheann duine vacsaín dhíghníomhaithe, sainaithníonn a chóras imdhíonachta na víris neamhghníomhacha mar víris choimhthíocha. Ar an dóigh sin, múintear don chorp antasubstaintí a tháirgeadh chun troid in aghaidh na víris.

I vacsaíní caolaithe beo tá víris bheo nó baictéir bheo atá lagaithe trína DNA a athrú nó trí na víris nó na baictéir is laige a roghnú lena gcur san áireamh sa vacsaín.

Ní féidir le víris ná le baictéir lagaithe i vacsaíní caolaithe beo galar a chruthú ach is féidir leo a bheith ina gcúis le freagairt imdhíonachta sa chorp. Nuair a fhaigheann duine vacsaín chaolaithe bheo, sainaithníonn an córas imdhíonachta na baictéir nó na víris lagaithe mar víris choimhthíocha. Ar an dóigh sin, múintear don chorp antasubstaintí a tháirgeadh chun troid in aghaidh na mbaictéar nó na víreas. 

Cruthaíonn vacsaíní caolaithe beo freagairt láidir imdhíonachta a d’fhéadfadh maireachtáil ar feadh i bhfad. Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh ní ba lú dáileog a bheith ag teastáil ná mar a bheadh i gcás cineálacha eile vacsaíní.

Is vacsaíní caolaithe beo coitanta iad an vacsaín bhruitíní, an vacsaín leicní, an vacsaín Rubella (MMR) agus an vacsaín deilgní.

Vacsaín chaolaithe bheo ab ea an chéad vacsaín a forbraíodh riamh. Vacsaín in aghaidh bolgaí a bhí ann, a forbraíodh in 1798. Úsáidtear teicneolaíocht na vacsaíne caolaithe beo sa lá atá inniu ann i vacsaíní nua-aimseartha amhail an vacsaín bhruitíní, an vacsaín deilgní agus an vacsaín fiabhrais bhuí. 

Tá tocsainí a díghníomhaíodh le fáil i vacsaíní tocsóidigh agus dá bhrí sin níl siad tocsaineach a thuilleadh.

Is ceimiceáin iad tocsainí a tháirgeann baictéir agus a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le roinnt galar, amhail teiteanas agus diftéire, mar shampla. 

Déantar tocsainí sa tsaotharlann trí thocsainí is cúis le galar a dhíghníomhachtú trí úsáid a bhaint as ceimiceán nó teas.

Ní féidir le tocsainí díghníomhaithe i vacsaíní tocsóidigh a bheith ina gcúis le breoiteacht ach is féidir leo a bheith ina gcúis le freagairt imdhíonachta sa chorp freisin. Nuair a fhaigheann duine vacsaín tocsóidigh, díríonn a gcóras imdhíonachta ar na tocsainí díghníomhachtaithe agus foghlaimíonn sé conas iad a neodrú. Ar an dóigh sin, múintear don chorp conas na tocsainí a dhíghníomhachtú agus conas galar a chosc as sin amach.

Múineann vacsaíní tocsóidigh don chorp dul i ngleic leis na tocsainí a tháirgeann na baictéir seachas troid in aghaidh na mbaictéar féin.

Is minic a bhíonn aidiúvach i vacsaíní tocsóidigh chun an fhreagairt a neartú.

I measc na vacsaíní tocsóidigh is coitianta tá na vacsaíní a úsáidtear i gcoinne teiteanais agus diftéire.

Formheas vacsaíní san Aontas

Faigh tuilleadh eolais maidir leis an gcaoi a ndéanann údaráis san Eoraip tástáil chun a chinntiú go mbíonn vacsaíní sábháilte agus éifeachtach sula gceadaítear iad lena n‑úsáid.

Buntáistí an vacsaínithe

Conas a chosnaíonn vacsaíní sinn agus conas a chuireann siad cosc ar scaipeadh galar? Faigh tuilleadh eolais maidir leis na buntáistí a bhaineann leo do dhaoine aonair agus don phobal araon.