COVID-19

Cad is COVID-19 ann?

Is éard is COVID-19 ann an galar a tharlaíonn mar gheall ar an ngéarshiondróm riospráide coróinvíris-2 (SARS-CoV-2).

Bhí ráig COVID-19, a thosaigh ag deireadh 2019 agus a scaip ar fud an domhain go luath in 2020, ina cúis le mórshuaitheadh sóisialta agus eacnamaíoch sular chinn Ard-Stiúrthóir EDS in 2023 nach raibh COVID-19 ina éigeandáil sláinte poiblí arbh ábhar imní idirnáisiúnta í a thuilleadh. 

Sracfhéachaint

  • Galar riospráide arb é víreas is cúis leis;
  • Scaipeann COVID-19 go furasta tríd an aer;
  • Os cionn 778 milliún ionfhabhtú agus 2 mhilliún bás ar fud an domhain ó bhí 2020 ann;
  • Is féidir é a bheith ina chúis le haimhréidheanna tromchúiseacha i ndaoine scothaosta agus sna daoine sin a bhfuil córas imdhíonachta lag acu;
  • Tugann vacsaíniú cosaint ar ghéarshiomptóim COVID-19.

Faigh tuilleadh eolais faoi vacsaíní COVID-19 i do thír féin.

Symptoms of COVID-19

Cad iad siomptóim COVID-19?

I measc na siomptóm tá:

  • fiabhras;
  • casacht;
  • laige nó tuirse i gcoitinne;
  • athrú ar bhlas agus/nó boladh nó é a chailleadh;
  • scornach thinn;
  • tinneas cinn;
  • pianta sna matáin;
  • buinneach.

Bíonn éagsúlacht mhór i ndéine an ghalair ó dhuine go duine.

Bíonn roinnt daoine aisiomptómach, rud a chiallaíonn nach mbíonn aon siomptóm orthu ar chor ar bith.

I gcásanna tromchúiseacha, d’fhéadfadh na siomptóim seo a leanas a bheith san áireamh

  • deacracht análaithe nó giorra anála
  • mearbhall;
  • pian chliabhraigh.

D’fhéadfaí go mbeadh cúram leighis agus tacaíocht leighis speisialaithe de dhíth ar dhaoine a mbeadh siomptóim throma orthu.

D’fhéadfadh sé gur ghá roinnt daoine a bhfuil siomptóim thromchúiseacha COVID-19 orthu a thabhairt isteach san ospidéal chun an cúram sin a fháil. D’fhéadfadh sé gur ghá roinnt de na cásanna is déine a ghlacadh isteach i ndianchúram, agus go háirithe, d’fhéadfadh daoine scothaosta nó na daoine sin a bhfuil bunriochtaí sláinte orthu bás a fháil dá bharr.

Cad iad aimhréidheanna COVID-19?

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar dhaoine a bhfuil siomptóim thromchúiseacha orthu a chuireann isteach ar na haerbhealaí úsáid a bhaint as análaitheoir (tacaíocht aerála meicniúla). Tá riosca níos mó ag roinnt othar COVID-19 freisin maidir le haimhréidheanna a bhaineann le fuiltéachtadh, amhail strócanna nó taomanna croí.

Is airde an dóchúlacht go gcaithfí duine a thabhairt isteach chuig an ospidéal i gcás daoine fásta níos sine agus daoine ar a bhfuil tinnis fhadtéarmacha nó bunriochtaí sláinte.

Céard é riocht iar-COVID-19 nó COVID fadmharthanach?

D’fhéadfadh sé go mbeadh iarmhairtí fadtéarmacha ar líon beag othar de bharr ionfhabhtú SARS-CoV-2. Tugtar riocht iar-COVID-19 nó ‘COVID fadmharthanach’ air sin.

I measc na siomptóm tá:

  • cailliúint bolaidh nó blais;
  • tuirse;
  • laige i gcoitinne;
  • giorra anála;
  • lagú cognaíoch

Níl aon tástáil ann chun riocht iar-COVID-19 a dhiagnóisiú agus d’fhéadfadh sé go mairfeadh na siomtóim go ceann seachtainí, míonna nó tréimhse ní b’fhaide.  Níl aon chóireáil ar an riocht sláinte sin faoi láthair. Mar sin féin, tugann an fhianaise le fios gur lú an seans go dtuairisceoidh daoine aonair a vacsaíníodh in aghaidh COVID-19 siomptóim a bhaineann le riocht iar-COVID-19.

Transmission of COVID-19

Conas a scaiptear COVID-19?

Scaiptear an víreas SARS-CoV-2 ó dhuine go duine go príomha trí cháithníní a scaoileann duine a bhfuil ionfhabhtú orthu san aer (go háirithe nuair a bhíonn siad ag labhairt, ag canadh, ag scairteadh, ag sraothartach, ag casacht, etc.). Is féidir leis na cáithníní dul a fhad le daoine eile in aice láimhe (má tá siad laistigh de dhá mhéadar ar shiúl, de ghnáth), ar féidir leo na caithníní a análú isteach.

D’fhéadfadh tras-seoladh ó dhuine ionfhabhtaithe go duine eile a thosú dhá lá sula mbeadh aon siomptóm ar an duine ionfhabhtaithe.

De ghnáth, ní bhíonn siomptóim le feiceáil go dtí go dtéann 5 nó 6 lá thart tar éis don duine a bheith ionfhabhtaithe. Mar sin féin, d’fhéadfadh tréimhse idir lá amháin agus dhá sheachtain a bheith i gceist leis sin.

Is féidir le cáithníní níos mó (braoiníní) tuirlingt ar dhromchlaí a bhféadfadh daoine eile teagmháil a dhéanamh leo freisin, rud a fhágann go dtógann siad an víreas ar a lámha agus go bhfaigheann siad an t‑ionfhabhtú nuair a dhéanann siad teagmháil lena súile, lena srón nó lena mbéal. Mar sin féin, tá an bealach tarchurtha sin i bhfad níos coitianta ná an tras-seoladh ó dhuine go duine.

Risk groups of COVID-19

Cé atá i mbaol ó COVID-19?

Tá gach duine i mbaol a bheith ionfhabhtaithe le COVID-19.

Mar sin féin, is mó seans go dtiocfaidh galar tromchúiseach ar ghrúpaí áirithe den daonra. Ar na grúpaí sin tá daoine os cionn 60 bliain d’aois agus mná torracha, chomh maith le daoine a bhfuil bunriochtaí sláinte orthu, amhail:

  • murtall;
  • brú fola ard;
  • diaibéiteas;
  • galar croí;
  • galair fhadtéarmacha a chuireann isteach ar na scamhóga agus ar na haerbhealaí;
  • riochtaí a dhéanann difear don néarchóras;
  • a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe orthu.

De ghnáth, ní bhíonn na siomptóim i leanaí chomh tromchúiseach agus a bhíonn siad i ndaoine fásta. Mar sin féin, d’fhéadfadh gach duine atá ionfhabhtaithe an víreas a chur ar aghaidh chuig daoine eile fós, agus d’fhéadfadh galar tromchúiseach a theacht ar aosaigh óga agus ar leanaí óga áirithe freisin.

Bíonn COVID-19 in ann leathadh go tapa i spásanna plódaithe faoi dhíon: samplaí de shuíomhanna inar tharla ráigeanna suntasacha is ea príosúin, ionaid imirceach agus ionaid phróiseála bia.

Prevention of COVID

Conas COVID-19 a chosc?

Is é an vacsaíniú an bealach is éifeachtaí chun COVID-19 a chosc. Is lú seans go dtiocfadh galar tromchúiseach ar dhaoine atá vacsaínithe nó go mbeadh gá ann iad a thabhairt isteach san ospidéal. Sin an fáth a mbíonn údaráis sláinte poiblí ag iarraidh ar gach duine atá incháilithe a bheith vacsaínithe i gcoinne COVID-19.

Ach na lámha a ní go minic le gallúnach agus uisce nó le tuaslagáin alcólbhunaithe, cuirtear cosc freisin ar thras-seoladh an víris ó na lámha isteach sa chorp trí na súile, tríd an tsrón nó tríd an mbéal.

Vacsaíní atá údaraithe lena n‑úsáid san Aontas

Tá roinnt vacsaíní ann atá údaraithe lena n‑úsáid san Aontas. Tá liosta de na vacsaíní údaraithe in aghaidh COVID-19 le fáil anseo: Cógais COVID-19 | An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA)

Treatment of COVID-19

Conas a chóireáiltear COVID-19?

Is ann do chógais fhrithvíreasacha a dhíríonn go díreach ar víreas SARS-CoV-2. Úsáidtear na cógais sin chun cóireáil a dhéanamh ar ionfhabhtú luath i ndaoine atá go mór i mbaol go dtiocfaidh galar tromchúiseach orthu, ionas nach rachaidh an tinneas in olcas.

D’fhéadfadh cógais fhrithvíreasacha a bheith ina gcuid de roghanna cóireála tacaíochta cliniciúla níos leithne, e.g. tacaíocht ocsaigine, a sholáthraítear faoi lánrogha na bhfoirne leighis atá i gceannas ar chúram duine aonair.

Chun teacht ar an bhfaisnéis is déanaí maidir le cóireálacha COVID-19, féach suíomh gréasáin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA): Cóireálacha agus vacsaíní do COVID-19 nó suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh: Cóireálacha do COVID-19 (europa.eu)

Nóta: Is chun críoch faisnéise ginearálta an fhaisnéis atá sa bhileog eolais seo agus níor cheart úsáid a bhaint aisti in ionad saineolas aonair agus tuairim gairmí cúraim sláinte.

Page last updated 21 Nov 2025