Ceisteanna ⁊ Freagraí

Tá cosaint tugtha ag vacsaíní do na glúnta d’Eorpaigh; tá siad tar éis na milliúin duine a shábháil agus tá cosc curtha acu ar thinneas fadtéarmach agus ar ospidéalú ó ghalair amhail póilió, an bhruitíneach, an bhruitíneach dhearg, triuch agus COVID-19.
Mar sin féin, tá sé nádúrtha go mbeadh ceisteanna agat faoi vacsaíní agus cinneadh á dhéanamh agat tú féin nó duine de do mhuintir a vacsaíniú.
Seo thíos cuid de na ceisteanna is coitianta a d’fhéadfadh a bheith ag daoine faoi vacsaíní, mar aon le freagraí bunaithe ar fhíricí orthu sin.
Má tá tairbhe le baint as an vacsaíniú, cén fáth nach féidir le daoine áirithe vacsaín a fháil?
Ní foláir do gach vacsaín atá in úsáid san Eoraip dianchaighdeáin sábháilteachta a chomhlíonadh agus a léiriú gur mó na tairbhí ná na rioscaí a bhaineann léi.
Mar sin féin, d’fhéadfadh dochtúirí comhairle a chur ar roinnt daoine gan vacsaín a fháil mar gheall ar a staid phearsanta leighis.
D’fhéadfadh sé sin a bheith mar gheall ar fhadhbanna lena gcóras imdhíonachta mar gheall ar ghalar (cosúil le leoicéime nó mialóma iolrach) nó cógais eile atá á dtógáil acu (amhail cógais chun iad a ullmhú le haghaidh trasphlandú orgáin nó chun ailsí áirithe a chóireáil).
Nuair a bhíonn fadhbanna den sórt sin ag daoine lena gcóras imdhíonachta, féadfaidh a gcorp freagairt don vacsaíniú ar bhealaí éagsúla. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar dhaoine eile vacsaíní áirithe a sheachaint freisin má bhíonn ailléirge orthu le ceann amháin nó níos mó dá gcomhábhair. Mar shampla, d’fhéadfadh rianmhéideanna de shubstaintí eile a úsáidtear sa phróiseas monaraíochta a bheith i gcineálacha áirithe vacsaíní, amhail ubh-albaimin (próitéin a fhaightear in uibheacha) nó neoimícin (antaibheathach).
Ba cheart cinntí maidir leis an vacsaíniú a dhéanamh ar chúiseanna leighis nó gan é a dhéanamh le comhairle dochtúra i gcónaí.
An dtugann ionfhabhtú nádúrtha cosaint níos fearr ná vacsaín?
Cé go mbíonn leibhéal imdhíonachta ag daoine tar éis dóibh teacht ar ais chucu féin i gcás go leor galar, ní hamhlaidh atá i gcás na ngalar go léir. Má éiríonn duine tinn, bíonn baol i bhfad níos mó ann go dtiocfadh aimhréidheanna orthu as siocair an ghalair agus go scaipfeadh sé ar dhaoine eile. Is é an vacsaíniú an bealach is sábháilte chun cosaint mharthanach i leith galair a thabhairt.
Tá i bhfad níos lú riosca ag baint leis an vacsaíniú in aghaidh galair ná mar bhaineann le tolgadh an ghalair féin. Ina theannta sin, má éiríonn tú tinn, cuirfidh sé do ghaolta agus na daoine thart ort i mbaol ionfhabhtaithe.
Fuair mé vacsaín ach d’éirigh mé tinn mar sin féin – an oibríonn vacsaíní i ndáiríre?
Cé nach bhfuil aon leigheas ná vacsaín 100 % éifeachtach, tugann an vacsaíniú an deis is fearr dúinn cosaint a fháil ar ghalair atá inchoiscthe tríd an vacsaíniú.
Maidir le galair cosúil leis an bhfliú nó COVID-19, tá go leor tréithchineálacha nó sóchán éagsúil ann is féidir a scaipeadh ag aon am amháin. I gcásanna den sórt sin, déantar vacsaíní a nuashonrú de ghnáth chun cosaint a thabhairt ar na foirmeacha is coitianta den fhliú nó de COVID-19 ag brath ar an séasúr. Mar sin, d’fhéadfaimis éirí tinn fós dá nochtfaí sinn do thréithchineál a d’fhéadfadh éifeachtacht na vacsaíne ina choinne a bheith ní ba lú.
De ghnáth, bíonn siomptóim níos éadroime ar dhaoine a vacsaíníodh agus a éiríonn tinn fós agus is lú an seans go bhfrobrófar galar tromchúiseach nó aimhréidheanna tromchúiseacha iontu.
An féidir le vacsaíní mRNA mo DNA a athrú?
Ní athraíonn aon vacsaín ná ní idirghníomhaíonn sí le DNA an duine.
Stóráiltear DNA i núicléas ár gceall agus tá sé cosanta go han-mhaith. Baineann roinnt vacsaíní COVID-19 úsáid as mRNA (RNA teachtaire) chun do chorp a mhúineadh conas troid in aghaidh an víris is cúis le COVID-19, ach ní idirghníomhaíonn siad le do DNA ar bhealach ar bith, toisc nach dtéann mRNA isteach sa núicléas.
Ina ionad sin, fanann mRNA seo i limistéar seachtrach na gceall agus ní úsáidtear é ach chun cuid bheag den víreas a dhéanamh ionas gur féidir le do chorp foghlaim conas é féin a chosaint. Nuair a dhéantar é sin, bristear mRNA aníos go han-tapa.
Tá staidéar á ndéanamh ar vacsaíní mRNA le blianta fada agus níl aon fhianaise ann go bhfuil ár DNA á n‑athrú acu.
Tá vacsaíní á n‑úsáid san Eoraip le breis agus céad bliain agus tá sé léirithe go bhfuil i bhfad níos lú riosca ag baint leo ná mar a bhaineann leis na galair a dtugann siad cosaint orthu.
Téann gach vacsaín atá in úsáid san Aontas agus in LEE trí dhianphróiseas formheasa. Agus iad in úsáid, bíonn dochtúirí, rialtóirí agus údaráis sláinte eile i gcónaí ag faire amach do thuairiscí ar fho-iarsmaí amhrasta vacsaíní, mar a dhéantar i gcás gach cógas. Tugtar faireachas cógas ar an bpróiseas um monatóireacht sábháilteachta sin.
Is féidir le roinnt vacsaíní a bheith ina gcúis le fo-iarmhairtí éadroma, amhail míchompord ag láthair an insteallta nó tinneas cinn, go gairid tar éis iad a thabhairt, ach níl aon fhianaise ann go bhféadfadh aon vacsaíní atá in úsáid sa lá atá inniu ann a bheith ina gcúis le drochéifeachtaí fadtéarmacha ar shláinte an duine.
Chun eolas níos mionsonraithe a fháil ar an ábhar sin, tabhair cuairt ar ár leathanaigh maidir leformheas vacsaíní, agus maidir le sábháilteacht agus fo-iarmhairtí.
Cén fáth a ndéanaimid an vacsaíniú i gcoinne galar nach bhfaigheann daoine a thuilleadh?
A bhuí leis an vacsaíniú, is fíorannamh a tharlaíonn roinnt galar san Eoraip. Ina theannta sin, tá an Eoraip saor ó pholaimiailíteas, ach tá an galar sin fós le fáil in áiteanna eile ar domhan.
Má thiteann líon na ndaoine atá á vacsaíniú i gcoinne póilió san Eoraip, tá seans ann go bhféadfadh an galar sin scaipeadh ó na ceantair sin ar ais go dtí an Eoraip agus áiteanna eile inar scriosadh í cheana.
Dá bhrí sin, tá an vacsaíniú ríthábhachtach chun a chinntiú nach dtiocfaidh galair atá an-annamh nó nach dtarlaíonn a thuilleadh san Eoraip ar ais.
An ann do nasc idir vacsaíní agus uathachas?
Ní bhíonn vacsaíní ina gcúis le huathachas. Tá taighdeoirí ar fud an domhain tar éis aon nasc eatarthu sin a chuardach sna céadta staidéar, agus níl aon fhianaise ann gurb ann dó.
Ba shonraí monaraithe a úsáideadh i staidéar ó 1998 inar maíodh go raibh nasc idir vacsaíní agus uathachas agus tá eolaithe agus dochtúirí tar éis a n‑amhras faoi a léiriú go forleathan. Rinne an iris eolaíochta a d’fhoilsigh an staidéar é a tharraingt siar. Baineadh an príomhúdar de chlár leighis na Ríochta Aontaithe agus ní cheadaítear dó leigheas a chleachtadh a thuilleadh.
Níl aon fhianaise ann go bhfuil nasc idir an vacsaíniú agus uathachas agus deimhníodh an méid sin sna céadta staidéar a rinneadh ina dhiaidh sin. Tá taighdeoirí ar fud an domhain tar éis aon nasc eatarthu sin a chuardach agus níor thángthas ar nasc ar bith.
Téann gach vacsaín atá ceadaithe lena húsáid san Eoraip trí dhianphróiseas formheasa chun a sábháilteacht a chruthú agus déantar monatóireacht leanúnach orthu maidir le fo-iarmhairtí a luaithe a fhormheastar iad.
An bhfuil ceimiceáin chontúirteacha le fáil i vacsaíní?
Ní ann do cheimiceáin chontúirteacha i vacsaíní. Ní mór do gach vacsaín caighdeáin dhochta sábháilteachta a chomhlíonadh sula n‑údaraítear iad lena n‑úsáid san Eoraip.
Tá substaintí i roinnt vacsaíní a d’fhéadfadh a bheith ina n‑údair imní, cuir i gcás salainn alúmanaim agus méideanna iarmharacha formaildéid. Cuirtear na substaintí sin le vacsaíní i méideanna beaga agus sábháilte i gcónaí, agus is riachtanach iad a chur leo chun go n‑oibreoidh an vacsaín i gceart.
Mar shampla, tá an méid formaildéid i roinnt vacsaíní níos ísle ná an méid a tháirgeann corp an duine go nádúrtha chun a chinntiú gur féidir leis an gcorp feidhmiú fós.
Tá salainn alúmanaim á n‑úsáid go sábháilte i roinnt vacsaíní ó na 1930í ar aghaidh. Is féidir méideanna beaga salainn alúmanaim a fháil i mbianna agus in uisce óil freisin. I gcás vacsaíní áirithe, tá ról ríthábhachtach acu maidir le cur ar chumas na vacsaíne duine a chosaint ar ghalar.
Déantar leibhéil na gcomhábhar vacsaíne go léir a rialú go cúramach chun a chinntiú gur sábháilte iad na leibhéil sin. Déanann rialtóirí seiceáil gur mó na buntáistí a bhaineann le vacsaíní ná an riosca a bhaineann le haon fhrithghníomhú féideartha ar a gcomhábhair.
Cuidíonn an vacsaíniú le daoine a chosaint ar ghalair. Toisc go mbíonn riosca i bhfad níos ísle ann go n‑éireoidh a vacsaíníodh tinn, is lú an seans go scaipfidh siad an galar chomh maith. Nuair a dhéantar go leor daoine i bpobal ar leith a vacsaíniú, cosnaíonn a n‑imdhíonacht i gcoinne galair an líon beag daoine sa ghrúpa sin nárbh fhéidir a vacsaíniú. Tugtar ‘imdhíonacht phobail’ nó ‘imdhíonacht tréada’ ar an bhfeiniméan sin.
Má bhíonn tú ag brath ar imdhíonacht a fháil toisc dhaoine eile sa phobal a bheith vacsaínithe, is mó an baol go n‑éireoidh tú féin tinn agus, i gcás go leor galar, ní oibríonn sí ar scor ar bith. Nuair nach gá do ghalair ar leith a fhaightear inár dtimpeallacht scaipeadh ó dhuine go duine, nó nuair a bhíonn go leor tréithchineálacha éagsúla díobh ann, is féidir leo daoine nár vacsaíníodh a ionfhabhtú beag beann ar líon na ndaoine timpeall orthu a vacsaíníodh.
Ní hionann an imdhíonacht phobail agus an vacsaíniú, áfach. Má roghnaítear gan an vacsaíniú a dhéanamh, cuirtear daoine i mbaol níos mó agus is ea is dóichí go scaipfidh galar ina bpobal.
An dtolgfaidh mé an galar a bheartaítear a chosc ón vacsaín í féin?
Cabhraíonn vacsaíní le daoine a chosaint ar ghalair. Múineann vacsaíní don chorp é féin a chosaint ar ionfhabhtuithe a mbíonn ina gcúis le tinneas.
Níl i bhformhór na vacsaíní ach cuid bheag de víreas nó de bhaictéar chun oiliúint a chur ar an gcóras imdhíonachta maidir le troid ina aghaidh, agus tá leagan maraithe de sin le fáil i gcuid eile acu. Ní féidir leis na vacsaíní sin tú a ionfhabhtú astu féin.
Mar sin féin, bíonn leagan lagaithe de víreas nó miocrorgánach is cúis le galair le fáil i vacsaíní caolaithe beo, mar a thugtar orthu. Is féidir leo sin – i gcásanna neamhchoitianta – a bheith ina gcúis le tinneas éadrom i ndaoine a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe mar gheall ar bhreoiteacht nó cóir leighis. Má tá do chóras imdhíonachta lagaithe, tá sé tábhachtach na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le vacsaín a fháil a phlé le do dhochtúir.