Cad atá ar na bacáin? Todhchaí na forbartha vacsaíní
Tá taighde i réimse an vacsaínithe de shíor ag athrú agus leas á bhaint as teicneolaíochtaí nua chun déine roinnt galar a laghdú nó chun iad a dhíothú go hiomlán ón bpobal.
Ó forbraíodh an chéad vacsaín in 1796, tá eolaithe ag cuardach bealaí nua chun daoine a chosaint ar ghalair thógálacha tríd an vacsaíniú. Cé gur féidir, sa lá ata inniu ann, galair mharfacha agus galair thar a bheith díblithe araon a chosc go hiomlán a bhuí leis an vacsaíniú, maraíonn galair eile amhail maláire na mílte duine ar fud an domhain gach bliain. Dá bhrí sin, is tosaíocht sláinte poiblí i gcónaí é taighde agus forbairt a dhéanamh ar vacsaíní nua, mar aon le rochtain ar vacsaíní atá ann cheana a mhéadú.
Tá sé theicneolaíocht – nó ardán – vacsaíne ar an bhfód anois a n‑úsáideann taighdeoirí iad chun vacsaíní a fhorbairt. Gné eile den dul chun cinn is mó a bhfuil gealladh fúithi ó thaobh teicneolaíochtaí vacsaíne de is ea vacsaíní mRNA agus DNA. Tá sé d’acmhainn ag na teicneolaíochtaí sin a bheith ina gcúis le fionnachtain fiú taobh amuigh de ghalair thógálacha, cuir i gcás chun cineálacha áirithe ailse a chosc nó a chóireáil.
Vacsaíní mRNA
Tá an teicneolaíocht teachtaire RNA, nó mRNA, á forbairt agus tá taighde á dhéanamh uirthi ó na 1960í i leith. Sna chéad trialacha ar vacsaíní mRNA, rinneadh iniúchadh ar an gcaoi a bhféadfaí iad a úsáid chun Ebola a chosc. Le linn phaindéim COVID-19, athraíodh na hiarrachtaí luatha sin chun aghaidh a thabhairt ar COVID-19. Ba in 2020 a ceadaíodh an chéad vacsaín mRNA lena húsáid san Eoraip agus ba í sin an vacsaín in aghaidh COVID-19.
Tástáladh an teicneolaíocht mRNA freisin i dtrialacha cliniciúla i gcoinne galair thógálacha eile cosúil leis an bhfliú, RSV agus Zika.
Táthar ag breathnú ar an teicneolaíocht mRNA ó na 1970í i leith chun vacsaíní a fhorbairt in aghaidh cineálacha áirithe ailse amhail meileanóma agus ailse scamhóg agus fiú mar chineálacha nua cóireála ailse. Leis an teicneolaíocht sin, cuireadh ar chumas dul chun cinn sa réimse taighde cuidiú le cosc a chur ar fhilleadh ailsí ionsaitheacha tar éis obráide chomh maith le múineadh don chorp ionsaí a dhéanamh ar roinnt cineálacha ailse sula mbíonn deis acu fás.
Vacsaíní DNA
Oibríonn vacsaíní DNA, ar a dtugtar freisin vacsaíní plasmaide, trí sheichimh ghearra DNA a sheachadadh isteach inár gcorp ina bhfuil na treoracha maidir le hantaiginí a tháirgeadh ó víreas nó ó bhaictéir ar leith. Agus an vacsaín sa chorp, úsáideann ár gcealla an seicheamh DNA agus tosaíonn siad ag táirgeadh na n‑antaiginí sin. Cuireann sé seo ar chumas ár gcóras imdhíonachta foghlaim conas an galar a aithint agus conas troid ina aghaidh má nochtar sinn dó riamh.
Ceann de na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcur chuige sin is ea gurbh fhéidir le freagairt an chórais imdhíonachta a bheith i bhfad ní ba láidre ná mar a bheadh sé i gcás cineálacha eile vacsaíní. Tá vacsaíní DNA níos cobhsaí agus níos éasca a tháirgeadh ná vacsaíní mRNA toisc nach gá iad a choinneáil ag teochtaí i bhfad faoi bhun an reophointe, rud a chuirfeadh feabhas mór ar rochtain orthu.
Thángthas ar acmhainneacht vacsaíní DNA den chéad uair sna 1980í. Tá taighde fós á dhéanamh ar vacsaíní DNA agus níor ceadaíodh aon cheann acu lena húsáid i ndaoine in AE/in LEE go fóill. Tá trialacha cliniciúla ar siúl ar fud an domhain chun imscrúdú a dhéanamh ar a sábháilteacht agus a n‑éifeachtúlacht i gcoinne roinnt galar tógálach. Baineadh úsáid as vacsaíní DNA den chéad uair in ainmhithe in 1993 agus tá roinnt vacsaíní ceadaithe DNA lena n‑úsáid in ainmhithe sna Stáit Aontaithe agus in AE/in LEE. In India in 2021, ceadaíodh an chéad vacsaín DNA lena húsáid i ndaoine chun cosaint a dhéanamh ar COVID-19. D’fhéadfadh vacsaíní DNA ligean le raon leathan féidearthachtaí nach bhfuil ar fáil faoi láthair, lena n‑áirítear vacsaín in aghaidh VEID, i measc riochtaí sláinte eile.
Mar is amhlaidh le gach vacsaín agus cógas eile san Eoraip, beidh ar vacsaíní DNA a léiriú go bhfuil siad sábháilte agus éifeachtach sula gceadófar lena n‑úsáid i ndaoine iad.
Cineálacha nua seachadta vacsaíne
In ainneoin go bhfuil vacsaíní sábháilte, éifeachtach agus eacnamaíoch, is féidir le snáthaidí a bheith scanrúil, go háirithe do leanaí. Tá go leor taighde ar siúl faoi láthair ar bhealaí nuálacha chun vacsaíní a thabhairt. Seo a leanas roinnt féidearthachtaí:
Tá vacsaíní béil in úsáid cheana féin agus meastar go bhfuil an-ghealladh fúthu toisc go bhfuil siad saor agus furasta lena dtabhairt, agus toisc gur féidir leo a bheith thar a bheith éifeachtach. Seoladh vacsaín béil phóilió sna 1960í agus tá siad fós in úsáid sa lá atá inniu ann.
Mar sin féin, níl siad gan a ndúshláin. Ní fhóireann an córas díleá dóibh, áfach; is féidir le haigéid ghoile dochar a dhéanamh do chomhpháirteanna vacsaíne nó iad a scriosadh, fiú, agus ní shúitear isteach go maith sna stéigeacha iad i gcónaí.
Tá taighdeoirí anois ag breathnú ar bhealaí nua chun comhábhair i vacsaíní béil a chosaint agus chun a n‑ionsúchán a fheabhsú trí na comhpháirteanna ríthábhachtacha a chumhdach i gciseal micreascópach cosanta. Chiallódh sé sin go gcoinneodh an vacsaín a héifeachtacht in ainneoin na ndálaí crua a d’fhéadfadh teacht roimpi sa chóras díleá.
Tá sé de bhuntáiste ag spraeanna sróine nach dteastaíonn aon oiliúint speisialaithe lena dtabhairt, rud a chiallaíonn go bhféadfadh daoine iad féin a vacsaíniú go tapa agus go héasca, fiú. Tá an tsrón lán de shoithí fola atá gar don dromchla agus faoi sheicin phóirúil, rud a chiallaíonn gur bealach an-éifeachtach é chun vacsaín a fháil isteach sa chorp. Toisc gur bealach an-choitianta é an tsrón do víris agus baictéir dul isteach sa chorp, tá sé de bhuntáiste ag spraeanna sróine an fhreagairt imdhíonachta a threisiú san áit ba mhó a d’fhéadfadh sí a bheith ag teastáil.
Tá vacsaíní spraeála sróine ceadaithe cheana féin in AE/in LEE i gcoinne an fhliú i leanaí; tá taighde ar bun orthu sin le haghaidh víris riospráide eile, cosúil le COVID-19 mar shampla.
Anuas air sin, tá taighdeoirí ag fiosrú bealaí chun vacsaíní a sheachadadh gan phian tríd an gcraiceann i scairdeálacha aeir ardbhrú nó trí thonnta ultrafhuaime a úsáid chun cabhrú le vacsaín leachtach dul isteach sa chorp. Tá gealladh faoin dá rogha toisc go meastar gur áit mhaith í an limistéar faoin gcraiceann do go leor vacsaíní chun idirghníomhú leis an gcóras imdhíonachta. Mar sin féin, tá dúshláin fós ann toisc nach bhfuil tiús aonfhoirmeach ar an gcraiceann. Meastar go bhfuil na modhanna seachadta seo daor freisin i gcomparáid le hinstealltaí traidisiúnta nó le spraeanna sróine.
Is éard atá sa teicneolaíocht an iliomad nó na céadta snáthaidí beaga bídeacha atá chomh gearr gur féidir poll sa chraiceann a bhuí leo. Cuireann na snáthaidí seo ar chumas vacsaín a chuirtear ar an gcraiceann dul tríd agus dul isteach sa chorp. Cé nach bhféadfaí deireadh a chur le húsáid snáthaidí ar an dóigh sin, chuirfí deireadh leis leis an ngá le snáthaid mhór a úsáid agus leis an bpian a bhaineann le hinstealltaí traidisiúnta. Tá roinnt staidéar tar éis a léiriú freisin go bhféadfadh an teicneolaíocht sin éifeachtúlacht a fheabhsú.
Tá sé léirithe freisin gur féideartha an bealach é leictreapóiriú chun steallairí a sheachaint. Feidhmíonn sé sin trí mhéid beag leictreachais a chur i bhfeidhm chun vacsaín a thiomáint isteach sa chorp nó trí chealla a ‘oscailt suas’ go sealadach.