Vacsaíniú roimh thoircheas

Pregnant person getting vaccinated against RSV by their doctor

Má tholgtar iad le linn toirchis, d'fhéadfadh lochtanna ó bhroinn i leanaí a bheith mar thoradh ar roinnt ionfhabhtuithe, amhail moilleanna forbartha, galair chroí, lagú éisteachta, fadhbanna radhairc, coilm agus fiú bás. Trína áirithiú go bhfuil do chuid vacsaínithe cothrom le dáta, agus trí aon vacsaíniú a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uait a fháil roimh thoircheas, is féidir cosc a chur ar chuid de na bagairtí is tromchúisí ar do leanbh.

Rubella

Ionfhabhtú víreasach is ea rubella (an bhruitíneach dhearg). De ghnáth is galar éadrom é a chruthaíonn gríos agus at i ndaoine sláintiúla. Mar sin féin, má bhíonn rubella ar bhean sna chéad trí mhí de thoircheas, is mó is dócha go mbeadh galar tromchúiseach mar thoradh air agus is dócha go mbeadh breith anabaí ann nó go mbeadh aimhrialtachtaí ó bhroinn ar leanbh a bheirtear, ar a dtugtar siondróm rubella ó bhroinn (CRS).

I 20 % de na cásanna, bíonn breith anabaí mar thoradh ar ionfhabhtú rubella sna chéad trí mhí de thoircheas. 

Bíonn siondróm rubella ó bhroinn ina chúis le haimhréidheanna i 85 % de leanaí a raibh rubella ar a máithreacha sna chéad trí mhí de thoircheas. I measc na ndeacrachtaí sin tá bodhaire, catarachtaí, máchailí croí, neamhoird inchinne, moilleanna forbartha agus damáiste orgáin. Maidir le leanaí a rugadh le CRS, d’fhéadfadh diaibéiteas agus neamhoird tíoróidigh a fhorbairt níos déanaí sa saol. 

Maidir le mná a bhfuil rún acu bheith torrach, ba cheart dóibh a stádas vacsaínithe a sheiceáil, mar ní féidir iad a vacsaíniú in aghaidh rubella le linn toirchis. Tá sé tábhachtach dul i gcomhairle le dochtúir agus le treoirlínte náisiúnta um vacsaíniú. 

Rubella

Fíricí tábhachtacha maidir le rubella, siomptóim, deacrachtaí, fachtóirí riosca, conas a scaiptear í, conas í a chosc agus a chóireáil.

Deilgneach

Cé go dtarlaíonn 90 % d'ionfhabhtuithe deilgní (varicella) i leanaí, tá éifeachtaí an víris níos déine i measc daoine fásta. Má bhíonn deilgneach ar bhean le linn toirchis, d’fhéadfadh galar tromchúiseach a bheith mar thoradh uirthi agus d’fhéadfadh an riosca a mhéadú go mbeadh breith anabaí, siondróm varicella ó bhroinn, nó varicella nuabheirthe ann má bheirtear an leanbh tráth ionfhabhtaithe ghníomhaigh. 

Bíonn siondróm varicella ó bhroinn ina chúis le míchumais fhisiciúla agus intleachtúla dhiana ar feadh an tsaoil chomh maith le fadhbanna craicinn.

Is féidir le vacsaíniú cosc a chur ar dheilgneach agus ar na haimhréidheanna a ghabhann léi. I gcás nach raibh deilgneach ar dhuine nó i gcás nach bhfuair siad vacsaín ina coinne, ba cheart dóibh dul i gcomhairle lena ndochtúir sula n-éiríonn siad torrach agus lena dtreoirlínte náisiúnta um vacsaíniú. 

Deilgneach (varicella).

Fíricí tábhachtacha maidir le deilgneach (varicella), siomptóim, aimhréidheanna, fachtóirí riosca, conas a scaiptear í agus conas í a chosc agus cóireáil a chur uirthi.

Vaccination during pregnancy

Vaccinating a pregnant person protects them from potentially severe disease and complications during their pregnancy and can also extend that protection to a newborn after birth.