Rubella
Cad is rubella ann?
Ionfhabhtú víreasach is ea rubella (Bruitíneach dhearg). Is galar éadrom i ndaoine sláintiúla é de ghnáth. Má bhíonn rubella ar bhean le linn a céad trí mhí toirchis, is mó is dócha go gcaillfidh sí an leanbh nó go mbeidh aimhrialtachtaí ó bhroinn ar leanbh a bhéarfar, ar a dtugtar siondróm rubella ó bhroinn (CRS). D’fhéadfadh go mbeadh an leanbh bodhar, catarachtaí air agus faoi mhíchumas foghlamtha de dheasca CRS.
Sracfhéachaint: Bruitíneach dhearg san Eoraip
- Galar an chraicinn arb é víreas is cúis leis
- Scaipeann bruitíneach dhearg tríd an aer
- Má ionfhabhtaítear bean laistigh de thrí mhí tar éis di éirí torrach, féadtar iarmhairtí feadh an tsaoil a chruthú don fhéatas nó a bheith ina chúis le breith anabaí
- Thart ar 100 cás di fógartha in aghaidh na bliana
- Cuireann an vacsaíniú cosc ar bhruitíneach dhearg agus ar na haimhréidheanna a ghabhann léi
Cad iad siomptóim rubella?
Ní bhíonn aon siomptóim ar suas le 50% de dhaoine atá ionfhabhtaithe le rubella. Má bhíonn siomptóim ann, áirítear leo:
- gríos dearg;
- faireoga limfe borracha timpeall na cluaise agus chúl an chinn;
- pian agus athlasadh na n-alt i ndaoine fásta.
Cad iad aimhréidheanna rubella?
Tá iarmhairtí ar mhná nach bhfuil vacsaínithe agus torrach thar a bheith tromchúiseach, de dheasca an dóchúlachta go bhféadfaidís an leanbh a chailleadh nó go mbeadh CRS ar a naíonán tríd an ngalar a thógáil le linn toirchis.
Conas a scaiptear rubella?
Scaiptear víreas rubella í via braoiníní aeriompartha nuair a dhéanann duine atá ionfhabhtaithe casacht agus sraoth.
Cé atá i mbaol rubella?
Duine ar bith nach raibh an galar air nó nach raibh vacsaínithe leis an vacsaín MMR, tá sé i mbaol rubella a tholgadh.
Conas is féidir rubella a chosc?
Is é vacsaíniú an t-aon chosaint ar rubella. Comhvacsaín is í an vacsaín MMR (an bhruitíneach, plucamas agus rubella) a chosnaíonn ar an mbruitíneach, plucamas agus rubella. Tá an vacsaín MMR slán sábháilte agus éifeachtach agus is an-bheag na fo-iarmhairtí léi. Tuairiscíodh frithghníomhuithe éadroma amhail fiabhras, deirge nó at ag láthair an insteallta. D’fhéadfadh gríos éadrom neamh-thógálach cosúil leis an mbruitíneach theacht ar roinnt daoine a fhaigheann an vacsaín, go hiondúil 7 - -14 lá tar éis vacsaíniú, rud a imíonn laistigh de 1-3 lá.
Is gá dhá dháileog den vacsaín le haghaidh cosaint uasta. Tugtar an chéad dáileog ag aois idir 10 agus 18 mí sa chuid is mó de thíortha Eorpacha. D’fhéadfadh an dara dáileog a thabhairt mí amháin nó níos mó tar éis an chéad dáileog.
Mná a bhfuil rún acu bheith torrach, ba cheart dóibh a stádas vacsaínithe a sheiceáil, mar ní féidir iad a vacsaíniú in aghaidh rubella le linn toirchis.
Conas a chóireáiltear rubella?
Níl aon chóireáil ar leith ann do rubella. Dírítear an chóireáil ar mhaolú na siomptóim.
Le tuilleadh faisnéis a fháil féach suíomh gréasáin ECDC: https://www.ecdc.europa.eu/en/rubella/factsheet (EN)
Nóta: Is chun críocha faisnéis ghinearálta an fhaisnéis sa bhileog fíricí seo agus níor chóir úsáid a bhaint aisti in ionad saineolas aonair agus tuairim gairmí cúraim sláinte.
Tuilleadh bileog fíricí
An Bhruitíneach
Fíricí tábhachtacha maidir le bruitíneach, siomptóim, deacrachtaí, fachtóirí riosca, conas a scaiptear í, conas í a chosc agus a chóireáil
An fliú
Fíricí tábhachtacha maidir leis an bhfliú, siomptóim, dul in aimhréidh, tosca riosca, conas a scaiptear é agus conas é a chosc agus conas cóireáil a chur ina aghaidh.
An triuch
Fíricí tábhachtacha maidir le triuch, siomptóim, deacrachtaí, fachtóirí riosca, conas a scaiptear é, conas é a chosc agus a chóireáil.