Eitinn (TB)
Cad í an eitinn (TB)?
Is galar tógálach é an eitinn a mbíonn ina chúis léi tréithchineálacha éagsúla míceabaictéar a bhaineann leis an ngrúpa coimpléasc Mycobacterium tuberculosis . De ghnáth, téann an eitinn i bhfeidhm ar na scamhóga (eitinn scamhógach) ach is féidir léi dul i bhfeidhm ar chuid ar bith den chorp (eitinn eachtarscamhógach) amhail na duáin, an dromlach agus an inchinn.
Cé go bhfuil rátaí na heitinne ag laghdú de réir a chéile in AE agus in LEE, tuairiscítear fós níos mó ná 35 000 cás sa réigiún gach bliain.
Sracfhéachaint: eitinn (TB) san Eoraip
- Galar na scamhóg arb iad baictéir is cúis leis
- Scaipeann an eitinn ó dhuine go duine tríd an aer
- Is í is cúis le níos mó ná 35 000 cás agus 3 000 bás gach bliain
- D’fhéadfadh sé go dtógfadh sé míonna ar dhuine teacht ar ais chuige nó chuici féin i ndiaidh dóibh eitinn a fháil, agus bíonn an baol ann go n‑ionfhabhtófaí arís iad freisin
- Is féidir le vacsaíniú cabhrú le breoiteacht thromchúiseach i leanaí a chosc
Faigh tuilleadh eolais faoi vacsaíní na heitinne i do thír féin.
Cad iad siomptóim na heitinne?
Athraíonn siomptóim na heitinne ag brath ar an gcuid den chorp lena mbaineann. In AE agus in LEE, is ionann thart ar 80 % de chásanna na heitinne agus cásanna den eitinn scamhógach. Sna cásanna sin, is iad seo a leanas na gnáthshiomptóim:
- casacht leanúnach (ar feadh níos mó ná dhá sheachtain)
- fiabhras
- allas oíche
- caillteanas meáchain
D’fhéadfadh siomptóim eile teacht chun cinn má théann an eitinn i bhfeidhm ar chodanna eile den chorp.
Uaireanta, d’fhéadfadh duine baictéir na heitinne a tholgadh gan an galar a bheith mar thoradh air sin. Sna cásanna sin, cé go n‑ionfhabhtaítear an duine leis an eitinn, ní bhíonn siomptóim ar bith orthu, ní bhíonn siad tinn ná ní féidir leo an galar a scaipeadh. Mar sin féin, bíonn siad i mbaol an galar agus na siomptóim a fhorbairt de dheasca na mbaictéar sin in éagmais cóireáil chuí.
An féidir go mbeadh aimhréidheanna ann?
Is féidir leis an eitinn dochar buan a dhéanamh do na scamhóga agus d’fhéadfadh roinnt fadhbanna leanúnacha sláinte riospráide a bheith mar thoradh uirthi chomh maith. Ní neamhchoitianta í an eitinn athfhillteach ach oiread.
Má théann sí i bhfeidhm ar chodanna eile den chorp, is féidir leis an eitinn dochar buan a dhéanamh dóibh sin (cuir i gcás neamhthorthúlacht nó teip duáin).
Is féidir leis an eitinn a bheith ina cúis le deacrachtaí tromchúiseacha a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis leis an duine ionfhabhtaithe a chur chuig an ospidéal (cuir i gcás teip iolrach orgáin agus turraing sheipteach).
Cén chaoi a scaiptear an eitinn?
Is baictéir aerbheirthe iad na baictéir is cúis leis an eitinn. Fágann sé sin, nuair a dhéanann duine a bhfuil eitinn scamhógach air nó uirthi casacht nó sraoth, nó nuair a labhraíonn siad, go dtarchuireann siad na baictéir tríd an aer ó dhuine go duine trí na braoiníní beaga a scaoiltear. Nuair a tharraingítear anáil agus baictéir na heitinne inti, is féidir leo socrú sna scamhóga agus tús a chur lena scaipeadh. De ghnáth, ní bhíonn an eitinn tógálach má théann sí i bhfeidhm ar chodanna eile den chorp.
Ní féidir le daoine a bhfuil ionfhabhtú na heitinne orthu ach nach mbíonn breoite an galar a scaipeadh chuig daoine eile.
Cé atá i mbaol?
Is féidir le duine ar bith an eitinn a tholgadh, ach is dóichí go bhforbrófar an galar i measc daoine áirithe ná i measc daoine eile. I measc na ngrúpaí sin tá:
- Iad siúd a chaitheann cuid mhór ama i ndlúth-theagmháil le duine a bhfuil an eitinn orthu
- Iad siúd a rugadh i limistéar ina bhfuil an eitinn coitianta nó a bhfuil cónaí orthu ann
- Iad siúd ag a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe, amhail daoine ar a bhfuil VEID nó daoine a fhaigheann cóireáil leighis áirithe a théann i bhfeidhm ar an gcóras imdhíonachta
- Leanaí faoi bhun cúig bliana d’aois
- Daoine a bhfuil cónaí orthu i ndálaí plódaithe agus in áiteanna ina bhfuil drochshláinteachas. D’fhéadfadh daoine atá gan dídean nó daoine atá i bpríosún a bheith san áireamh anseo.
Cén chaoi ar féidir an eitinn a chosc?
Is féidir leis an vacsaíniú cosaint a chur ar fáil i gcoinne cineálacha tromchúiseacha na heitinne i leanaí óga. Anuas ar an vacsaíniú, is féidir riosca na heitinne a laghdú trí roinnt réamhchúraimí a ghlacadh:
- dea-aeráil a áirithiú
- dea-shláinteachas a chleachtadh
- an béal agus an tsrón a chlúdach agus sinn ag casacht agus ag sraothartach
- cóireáil choisctheach eitinne a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil ionfhabhtú eitinne orthu nach bhfuil breoite fós.
Is ríthábhachtach é luathbhrath na heitinne scamhógaí chun scaipeadh an ghalair a chosc.
Cén chóir leighis atá ann le haghaidh na heitinne?
Is í an chóireáil chaighdeánach don eitinn meascán de roinnt antaibheathach a thugtar ar feadh ceithre mhí go sé mhí ar a laghad. D’fhéadfadh meascán éagsúil d’antaibheathaigh a bheith ag teastáil chun cóireáil a chur ar chineálacha eitinne atá frithsheasmhach in aghaidh drugaí céadlíne ar feadh tréimhsí níos faide (sé mhí go hocht mí dhéag).
Is féidir le cóireáil na heitinne a bheith ina cúis le fo-iarmhairtí a mbíonn dlúthfhaireachán agus bainistiú ag gairmithe cúraim sláinte ag teastáil uathu.