Rótaivíreas

Bileog eolais

Cad é rótaivíreas?

Is grúpa víreas iad rótaivíris a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hionfhabhtú sa chóras díleá. Bíonn tionchar ag ionfhabhtuithe rótaivíris ar leanaí óga agus ar naíonáin den chuid is mó. D’fhéadfadh idir siomptóim éadroma agus meánacha a bheith mar thoradh orthu, chomh maith le buinneach agus urlacan géar. 

Is é ionfhabhtú rótaivíris an chúis is coitianta le géarbhreoiteacht bhuinní i naíonáin agus i leanaí óga ar fud an domhain. 

Sracfhéachaint

  • Is é ionfhabhtú rótaivíris an chúis is coitianta le buinneach ghéar i naíonáin agus i leanaí óga ar fud an domhain. 
  • Ionfhabhtaítear an chuid is mó de leanaí le rótaivíreas uair amháin ar a laghad sula mbíonn siad cúig bliana d’aois. 
  • Gach bliain san Aontas/in LEE, bíonn an rótavíreas taobh thiar den mhéid seo a leanas: 
    • Suas le 150 000 leanbh faoi chúig bliana d’aois a bheith san ospidéal.
    • Suas le 600 000 leanbh ar gá dóibh cuairt a thabhairt ar dhochtúir.
  • Is féidir ionfhabhtú rótaivíris a chosc trí vacsaín a fháil.
  • Cineál(acha) vacsaíne: vacsaín chaolaithe bheo

Faigh amach faoi vacsaín rotaivíris a fháil san áit a bhfuil tú.

Cad iad siomptóim rotaivíris?

Tá siomptóim an ionfhabhtaithe rótaivíris an-chosúil le hionfhabhtuithe gastraistéigeacha eile. Is iad seo a leanas na siomptóim is coitianta: 

  • Buinneach
  • Masmas agus urlacan
  • Fiabhras
  • Pian boilg
  • Easpa goile
  • Tuirse

Cad iad aimhréidheanna ionfhabhtaithe rótaivíris?

Is féidir le daoine – go háirithe naíonáin – a bheith díhiodráitithe go mór mór mar thoradh ar bhuinneach agus urlacan. Is aimhréidh thromchúiseach í sin a d’fhéadfadh a bheith bagrach don bheatha má fhágtar gan chóireáil í. Áirítear iad seo a leanas le siomptóim an díhiodráitithe: 

  • Mún mírialta
  • Craiceann fionnuar, tirim
  • Fíorbheagán deora nó deora ar bith nuair a bhítear ag caoineadh
  •  Marbhántacht
  • Súile báite sa cheann
  • Béal tirim
  • Meadhrán

Cén chaoi a scaipeann rótaivíris?

Tá rótaivíris an-tógálach agus scaipeann siad go héasca trí theagmháil éillithe lámh go béal. Scaipeann siad trí theagmháil le cáithníní faecais ó dhaoine ionfhabhtaithe. Mar shampla, más rud é go n‑úsáideann leanbh nó duine fásta atá ionfhabhtaithe an leithreas agus go dtéann sé/sí i dteagmháil le hanla dorais nó bréagán gan a lámha a ní i gceart, d’fhéadfadh sé/sí ábhar tógálach a fhágáil ar dhromchlaí crua lena bhféadfadh duine eile teacht i dteagmháil. Má theagmhaíonn an duine sin bia nó a bhéal ina dhiaidh sin is féidir leo rótaivíreas a tholgadh. Is féidir leis an víreas maireachtáil ar dhromchlaí crua ar feadh uaireanta.

Cé atá i mbaol rótavíreas a tholgadh?

Is féidir le rótaivíreas duine ar bith a ionfhabhtú ag aois ar bith, ach is coitianta an t‑ionfhabhtú i naíonáin agus i leanaí óga – agus féadann an galar a bheith níos géire dóibh – agus i ndaoine fásta a thugann aire dóibh. Ionfhabhtaítear an chuid is mó de leanaí le rótaivíreas uair amháin ar a laghad faoin am a bhaineann siad amach cúig bliana d’aois.

Conas is féidir ionfhabhtú rótaivíris a chosc?

Is féidir le vacsaíniú an baol ionfhabhtaithe ó rótaivíris a laghdú agus géire na breoiteachta a laghdú i gcás ionfhabhtaithe. Tá an vacsaín rótaivíris mar chuid den ghnáth-sceideal vacsaínithe i roinnt tíortha de AE/de LEE.

Lasmuigh den vacsaíniú, cuidíonn níochán ceart na lámh agus díghalrú dromchlaí i suíomhanna ardriosca amhail ionaid cúraim leanaí le hionfhabhtú a chosc. 

Conas a chóireáiltear ionfhabhtú rótaivíris? 

Níl aon druga frithvíreasach ar leith ann chun ionfhabhtuithe rótaivíris a chóireáil. Go hiondúil, réitítear iad sin astu féin tar éis seachtaine nó mar sin. Is é a bhíonn i gceist le cóireáil ná aghaidh a thabhairt ar shiomptóim an ghalair, e.g. deochanna a thabhairt agus, tar éis comhairle leighis a fháil, cógais a thabhairt chun an t‑urlacan agus an bhuinneach a stopadh. Tá sé tábhachtach a chinntiú go bhfanann leanaí atá ionfhabhtaithe hiodráitithe chun aimhréidheanna a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hospidéalú.