Fiabhras deinge

Bileog eolais

Céard é fiabhras deinge?

Is ionfhabhtú víreasach é fiabhras deinge a scaiptear chuig daoine trí ghreim ó mhuiscítí ionfhabhtaithe. Tá an galar níos coitianta i Meiriceá Theas agus san Áise Thoir Theas ná mar atá in aon áit eile, ach is ann dó san Afraic freisin. D’fhéadfadh fiabhras deinge a bheith ina chúis le deacrachtaí tromchúiseacha agus bagrach don bheatha fiú uaireanta. 

Is annamh a bhíonn fiabhras deinge inn AE/LEE ach tuairiscítear ráigeanna i ndeisceart na hEorpa uaireanta. Is iad na daoine a thaistealaíonn chuig limistéir ina bhfuil an galar coitianta is mó atá i mbaol ionfhabhtaithe. Ar fud an domhain, ionfhabhtaíonn an víreas deinge na milliúin daoine gach bliain, agus maraítear 20 000 go 25 000 duine dá bharr. 

Sracfhéachaint:

  • Tá fiabhras deinge ar cheann de na galair mhuiscíte is coitianta ar domhan. Tugtar fiabhras deinge faoi deara go coitianta i gcodanna trópaiceacha agus fothrópaiceacha den domhan, ionfhabhtaíonn sé na mílte milliún daoine, rud a fhágann go bhfaigheann idir 20 000 agus 25 000 duine bás dá bharr.
  • Cé nach bhfuil sé coitianta in AE/LEE, déantar thart ar 2 000 cás a thaifeadadh gach bliain; baineann beagnach gach ceann de na cásanna sin le taisteal. 
  • Is féidir fiabhras deinge a chosc trí vacsaíniú. 

Cad iad siomptóim an fhiabhrais deinge?

De ghnáth bíonn fiabhras deinge ina chúis le fiabhras agus siomptóim mar a bheadh fliú, lena n‑áirítear:  

  • Fiabhras
  • Cráphian sna matáin nó sna hailt
  • Pian taobh thiar de na súile
  • Gríos
  • Masmas 

Cad iad aimhréidheanna fiabhrais deinge?

Cé nach mbíonn aon siomptóm nó nach mbíonn ach siomptóim éadroma ag gabháil le formhór ionfhabhtuithe fiabhrais deinge, i gcásanna áirithe d’fhéadfadh an t‑ionfhabhtú a bheith ina chúis le deacrachtaí atá bagrach don bheatha. Is gnách go bhforbraíonn siomptóim fiabhrais deinge tromchúiseach laistigh de dhá lá tar éis do na siomptóim thosaigh imeacht. I measc shiomptóim fiabhrais deinge tá: 

  • Pian sa bholg
  • Urlacan
  • Fuil in urlacan nó i bhfaecas
  • Fuil sróine
  • Drandail ag cur fola
  • Tnáitheadh tromchúiseach
  • Corrthónacht
  • Aimhréidheanna scamhóige
  • Fotheannas
  • Riosca de ghalar croí 

I ndaoine atá ag iompar clainne, is féidir le fiabhras deinge deacrachtaí a chruthú freisin, lena n‑áirítear riosca méadaithe de réamheaclaimsia, anacair féatais agus breith roimh am.

Cén chaoi a scaiptear fiabhras deinge?

Is é an bealach is coitianta a scaipeann fiabhras deinge i measc daoine ná trí ghreimeanna ó mhuiscítíAedes.

Cé atá i mbaol fiabhras deinge a tholgadh?

I bhformhór na limistéar in AE/LEE, ní dócha go mbainfidh muiscít ionfhabhtaithe greim as daoine. Tá daoine a thaistealaíonn chuig ceantair ina bhfuil fiabhras deinge níos coitianta i mbaol níos airde ionfhabhtaithe.

Ina theannta sin, tá daoine a raibh fiabhras deinge orthu roimhe seo i mbaol níos mó galar tromchúiseach a fhorbairt má bhíonn siad ionfhabhtaithe arís.  

Cén chaoi ar féidir fiabhras deinge a chosc?

Is féidir le vacsaíniú cosaint a thabhairt ar fhiabhras deinge.

Taobh amuigh den vacsaíniú, moltar go láidir nochtadh do ghreamanna muiscíte a sheachaint trí éadaí a chlúdaíonn an corp a chaitheamh agus éarthach muiscíte a úsáid i gceantair ina bhféadfaidís fiabhras deinge a iompar.

Cén chóir leighis atá ann d’fhiabhras deinge?

Níl aon chóireáil ar leith ann d’fhiabhras deinge. De ghnáth is éard atá i gceist le cóireáil do chásanna éadroma ná go leor scíthe a fháil, fanacht hiodráitithe agus siomptóim a bhainistiú go dtí go mbeidh an tinneas imithe. D’fhéadfadh sé go mbeadh dianchúram ag teastáil i gcásanna tromchúiseacha d’ fhiabhras deinge.