Galar meiningeacocúil
Cad is galar meiningeacocúil ann?
Is ionfhabhtú baictéarach tromchúiseach é galar meiningeacocúil agus baictéar Neisseria meningitidis is cúis leis. Is féidir leis an gcineál seo baictéir a bheith ina chúis le galair thromchúiseacha amhail meiningíteas (athlasadh na seicní timpeall ar an inchinn agus timpeall ar chorda an dromlaigh) agus nimhiú fola (seipticéime). Is féidir le galar meiningeacocúil dul chun cinn go tapa agus d’fhéadfadh sé a bheith bagrach don bheatha mura gcuirtear cóireáil air go pras.
In AE/LEE, tuairiscítear thart ar 2 000 cás ar an meán gach bliain, cé gur tháinig laghdú ar an líon sin le linn na paindéime. Astu sin, tá an galar marfach i dtuairim is 10 % de na cásanna go léir.
Sracfhéachaint: Galar meiningeacocúil san Eoraip
- Ionfhabhtú baictéarach tromchúiseach is príomhchúis le meiningíteas agus nimhiú fola
- Scaiptear baictéar meiningeacocúil trí tháil riospráide agus scornaí le linn dlúth-theagmhála le duine a bhfuil an galar air/uirthi
- Níos mó ná 2 000 cás agus 200 bás gach bliain
- Le vacsaíniú, is féidir galar meiningeacocúil, agus na haimhréidheanna a ghabhann léi, a chosc.
Faigh tuilleadh eolais faoi vacsaíní meiningeacocúil i do thír féin.
Cad iad siomptóim ghalar meiningeacocúil?
D’fhéadfadh na siomptóim a bhaineann le galar meiningeacocúil a bheith éagsúil, ach is minic a chuimsíonn siad na nithe seo a leanas:
- fiabhras
- tinneas cinn trom
- muineál righin
- masmas agus urlacan
- íogaireacht i leith an tsolais
- mearbhall nó staid mheabhrach athraithe
- gríos (gríos dearg nó corcra nach n-imíonn nuair a bhrúitear é)
- análú tapa
- lámha agus cosa fuara
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach dtaispeánann gach duine a bhfuil galar meiningeacocúil orthu na siomptóim seo go léir.
Cad iad aimhréidheanna ghalar meiningeacocúil?
I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh bás a bheith mar thoradh ar ghalar meiningeacocúil, chomh maith le haimhréidheanna tromchúiseacha amhail na nithe seo a leanas:
- turraing sheipteach
- cliseadh duánach
- dochar inchinne
- caillteanas éisteachta
- míchumais foghlama
Conas a scaiptear an galar?
Scaiptear galar meiningeacocúil trí táil rhiospráide agus scornaí le linn dlúth-theagmhála fada (amhail casacht, sraothartach agus pógadh) le duine a bhfuil an galar air/uirthi. Is féidir leis an mbaictéar maireachtáil freisin i scornach agus i srón roinnt daoine aonair gan siomptóim ar bith a thaispeáint, rud a fhágann gur iompróirí iad ar féidir leo na baictéir a tharchur chuig daoine eile.
Cé atá i mbaol galar meiningeacocúil a tholgadh?
Cé gur féidir le duine ar bith galar meiningeacocúil a tholgadh, tá grúpaí áirithe i mbaol níos airde maidir leis an ngalar a tholgadh, lena n-áirítear iad siúd a leanas:
- naíonáin agus leanaí óga
- déagóirí agus daoine fásta óga
- daoine a bhfuil cónaí orthu gar do dhuine a bhfuil an galar orthu
- daoine aonair a bhfuil riochtaí leighis áirithe acu a lagaíonn an córas imdhíonachta
- taistealaithe chuig limistéir ina bhfuil rátaí arda de ghalar meiningeacocúil
Conas is féidir galar meiningeacocúil a chosc?
San Aontas, údaraítear go leor vacsaíní lena n-úsáid chun cosaint a thabhairt ar chineálacha áirithe (séireaghrúpaí) de bhaictéir mheiningeacocúil. Moltar vacsaíniú go príomha do naíonáin agus do dhéagóirí in AE/LEE a bhfuil cláir éagsúla vacsaínithe i bhfeidhm acu. D’fhéadfaí a mholadh do dhaoine d’aois ar bith vacsaín a fháil nó vacsaín cúitimh a fháil. Féadfar moltaí sonracha maidir le vacsaíní a chur chun feidhme do dhaoine i ngrúpaí ardriosca áirithe.
Conas a chuirtear cóireáil ar ghalar meiningeacocúil?
Is éigeandáil leighis é galar meiningeacocúil, agus tá cóireáil láithreach riachtanach. Úsáidtear antaibheathaigh chun cóireáil a chur ar an ionfhabhtú. Is féidir le cúram leighis pras feabhas suntasach a chur ar an seans go mbeidh toradh dearfach ann agus an baol a bhaineann le haimhréidheanna a laghdú.