Vacsaíní in aghaidh COVID-19
Tá an AE freagrach as a áirithiú go gcuirfear vacsaíní in aghaidh COVID-19 sábháilte éifeachtacha ar fáil don phobal san AE/sa LEE. Déanann an Coimisiún Eorpach vacsaíní in aghaidh COVID-19 a údarú, tar éis meastóireacht a bheith déanta ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) agus tar éis dul i gcomhairle le Ballstáit AE. Tugadh na chéad vacsaíní ag deireadh na bliana 2020.
An chaoi a n-oibríonn vacsaíní in aghaidh COVID-19
Le vacsaíní COVID-19, déantar COVID-19 a chosc trí fhreagairt imdhíonachta a thionscnamh.
Déanann an chuid is mó de na vacsaíní COVID-19 na freagairtí imdhíonachta seo a thionscnamh ar chuid bheag de SARS-CoV-2. Is é SARS-CoV-2 an galar is cúis le galar COVID-19.
Más rud é go bhfuil duine a fuair vacsaín COVID-19 ionfhabhtaithe leis an víreas níos déanaí, aithníonn an córas imdhíonachta an víreas.
De bhrí go bhfuil sé ullmhaithe cheana féin chun an víreas a ionsú, tá córas imdhíonachta an duine sin in ann é/í a chosaint ar an ngalar COVID-19.
Féach tuilleadh faisnéise ar An dóigh a n-oibríonn vacsaíní.
Forbairt agus formheas vacsaíní in aghaidh COVID-19
Tá vacsaíní COVID-19 á bhforbairt i gcomhréir leis na riachtanais chéanna dlí maidir le cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht is a bhaineann le gach vacsaín eile.
Amhail gach vacsaín, déantar éifeachtaí vacsaíní in aghaidh COVID-19 a thástáil sa saotharlann, ainmhithe san áireamh, agus ansin in oibrithe deonacha.
Déanann an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) measúnú ar vacsaíní COVID-19 de réir na n-ardchaighdeán céanna is a bhaineann le gach vacsaín eile sular féidir iad a scaoileadh le húsáid. Léigh tuilleadh faoi Fhormheas vacsaíní san Aontas Eorpach.
Is é an rud atá difriúil maidir le vacsaíní COVID-19 ná go bhfuil forbairt agus formheas ag tarlú i bhfad níos tapa, mar fhreagairt ar éigeandáil na sláinte poiblí a tharla de bharr an víris.
Déanann EMA iarratais ar ardchaighdeán ó chuideachtaí atá ag forbairt vacsaíní COVID-19 a mheasúnú san am is giorra agus is féidir, agus áirithíonn sé go bhfuil a chuid cinntí láidir. Déanann sé an méid sin trí:
- threoir a chur ar fáil chun cabhrú le forbróirí vacsaíní COVID-19 ullmhú chun iarratas ar fhormheas a dhéanamh;
- nósanna imeachta mear-athbhreithnithe a úsáid;
- phríomhshonraí ar vacsaíní COVID-19 a mheas a luaithe is agus a bhíonn siad ar fáil.
Faireachán ar shábháilteacht agus éifeachtacht vacsaíní in aghaidh COVID-19
Déanann an tAontas faireachán leanúnach ar shábháilteacht agus ar éifeachtacht vacsaíní in aghaidh COVID-19.
Déanann EMA monatóireacht fo-éifeachtaí ar na vacsaíní sin, mar a dhéanann sé do gach vacsaín.
I gcomhar le chéile, déanann an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) faireachán dian ar éifeachtacht vacsaíní in aghaidh COVID-19.
Cuireann sé sin ar chumas an AE faisnéis nua a thagann chun cinn maidir leis na tairbhí agus leis an tsábháilteacht a bhaineann le vacsaíní in aghaidh COVID-19 a shainaithint agus a mheas gan mhoill. Áiritheofar leis sin go ndéanfar aon rioscaí féideartha a bhrath agus a bhainistiú chomh tapa agus is féidir: féach Faireachán a dhéanamh ar shábháilteacht vacsaíne agus fo-iarmhairtí a thuairisciú.
Vacsaíní atá údaraithe lena n-úsáid san Aontas Eorpach
Bimervax
Bimervax contains a protein produced in the laboratory that consists of part of the SARS-CoV-2 spike protein from the Alpha and Beta virus variants.
Comirnaty (BioNTech/Pfizer)
Tá móilín ar a dtugtar teachtaire RNA (mRNA) in Comirnaty le treoracha chun próitéin a tháirgeadh ó SARS-CoV-2, an víreas is cúis le COVID-19. Tá Comirnaty ar fáil freisin mar dhá vacsaín oiriúnaithe.
Jcovden (Janssen-Cilag)
Tá Jcovden comhdhéanta de víreas eile (ón bhfine adanaivíris) a modhnaíodh ionas go bhfuil an ghéin ann a dhéanann próitéin atá ar SARS-CoV-2.
Nuvaxovid (Novavax)
Tá leagan de phróitéin i Nuvaxovid a fhaightear ar dhromchla SARS-CoV-2 (an spícephróitéin), a táirgeadh sa tsaotharlann.
COVID-19 Vaccine Moderna
COVID-19 Vaccine Moderna contains a molecule called messenger RNA (mRNA) with instructions for producing a protein from SARS-CoV-2, the virus that causes COVID-19.
Valneva (Valneva)
Tá cáithníní iomlána den tréithchineál bunaidh de SARS-CoV-2 (an víreas is cúis le COVID-19) i Valneva a díghníomhaíodh (a maraíodh) agus nach féidir a bheith ina chúis leis an ngalar.
Vaxzevria (AstraZeneca)
Tá Vacsaín COVID-19 Vaxzevria comhdhéanta de víreas eile (ón bhfine adanaivíris) a modhnaíodh ionas go bhfuil an ghéin ann a dhéanann próitéin ó SARS-CoV-2.
VidPrevtyn Beta (Sanofi Pasteur)
VidPrevtyn Beta contains a version of a protein found on the surface of SARS-CoV-2 (the spike protein of the virus that causes COVID-19), which has been produced in the laboratory.
Inneachar gaolmhar
COVID-19
Fíricí tábhachtacha maidir le COVID-19, siomptóim, aimhréidheanna, COVID-19 fadtéarmach, conas a scaiptear é, agus fachtóirí riosca.
Grafaic faisnéise
Infographic: How protein-based vaccines work against COVID-19
This infographic explains how protein-based vaccines work against COVID-19.
Grafaic faisnéise
Grafaic faisnéise - vacsaíní veicteora víreasacha in aghaidh COVID-19: an chaoi a n-oibríonn siad
Tugtar sa ghrafaic faisnéise seo faisnéis maidir leis an gcaoi a n-oibríonn vacsaíní veicteora víreasacha.
Grafaic faisnéise
Grafaic faisnéise: An chaoi a gcosnaítear thú i gcoinne COVID-19 le vacsaíní mRNA
Tugtar sa ghrafaic faisnéise seo faisnéis maidir leis an gcaoi a n-oibríonn vacsaíní mRNA.
Grafaic faisnéise
Grafaic faisnéise - COVID-19: Comhordú AE le haghaidh vacsaínithe atá sábháilte agus éifeachtach
Conas a dhéantar vacsaíní COVID-19 a thabhairt chun tosaigh le haghaidh formheasa?