Bolgach moncaí

Bileog eolais

Cad é bolgach moncaí?

Is galar neamhchoitianta é bolgach moncaí arb é an víreas bolgaí moncaí (MPXV) is cúis leis. Dhá chineál víreas bolgaí moncaí atá ann: clád I agus clád II, a roinntear ina dhiaidh sin ina bhfo-chláid Ia agus Ib agus ina bhfo-chláid IIa agus IIb faoi seach. 

Cad iad siomptóim na bolgaí moncaí?

Is iad loit ar an gcraiceann an siomptóm is coitianta de bholgach moncaí, agus is féidir leo a bheith cosúil le deilgneach agus le hionfhabhtuithe eile de chuid an víris bholgaí. Is minic a thosaíonn loit chraicinn mar spotaí a fhásann ina spuaiceanna atá líonta le sreabhán. Fásann screamh orthu ansin, a iompaíonn ina ghearb. Cneasaíonn an craiceann go hiomlán de ghnáth.

Ina theannta sin, is minic a bhíonn níos mó ná ceann amháin de na nithe seo a leanas ag daoine a bhfuil bolgach moncaí orthu:

  • Gríos (timpeall ar an aghaidh, ar na lámha, ar na cosa, ar na baill ghiniúna nó ar an anas);
  • fiabhras;
  • tinneas cinn;
  • crithfhuacht;
  • tnáitheadh;
  • at na nód limfe (na ‘faireoga’ san ascaill, sa bhléin nó sa mhuineál);
  • pian droma agus matáin phianmhara;
  • cneácha laistigh den bhéal nó ar na baill ghiniúna.

Sracfhéachaint: Bolgach moncaí san Eoraip

  • Is ionfhabhtú é an bholgach moncaí a fhágann spuaiceanna ar an gcraiceann
  • Is é an víreas bolgaí moncaí is cúis le bolgach moncaí
  • Is féidir an bholgach moncaí a tholgadh trí dhlúth-theagmháil a dhéanamh le duine a bhfuil an víreas air. Is féidir le hainmhithe an bholgach moncaí a tholgadh freisin agus é a tharchur chuig daoine.
  • Bhí os cionn 26 000 cás de bholgach moncaí san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach idir 2022 agus 2026.
  • Is féidir le vacsaíniú bolgach moncaí agus na haimhréidheanna a ghabhann léi a chosc.

Tuilleadh faisnéise faoi vacsaíní bolgaí moncaí i do thír féin.

An bhféadfadh aimhréidheanna a bheith ag gabháil le bolgach moncaí?

Formhór na ndaoine a tholgann bolgach moncaí, leigheastar iad gan aon aimhréidheanna a theacht orthu. 

Ba cheart do dhaoine a bhfuil bolgach moncaí orthu cuairt a thabhairt ar ghairmí cúraim sláinte le haghaidh seiceáil leighis chun measúnú a dhéanamh ar cé chomh dian is atá an t-ionfhabhtú. D’fhéadfadh an dochtúir seiceáil a dhéanamh freisin ar aon fhachtóirí riosca. Áirítear orthu sin bunghalair (lena n-áirítear ionfhabhtú VEID neamhchóireáilte) agus cógais a mbíonn tionchar acu ar do chóras imdhíonachta. D'fhéadfadh go mbeadh ar dhaoine a bhfuil siomptóim thromchúiseacha orthu dul chuig an ospidéal. 

Conas a scaiptear bolgach moncaí?

How is Mpox spread

Is trí dhlúth-theagmháil fhisiciúil idir daoine is mó a scaiptear an bholgach moncaí. 

Is féidir teagmháil le héadaí, cóir leapa, tuáillí, rudaí agus dromchlaí eile ar chuir duine atá ionfhabhtaithe le bolgach moncaí lámh orthu a bheith ina gcúis le tarchur an víris bolgaí moncaí.

San Eoraip, níl an víreas bolgaí moncaí coitianta agus is i measc fear aerach, déghnéasach agus fear eile a mbíonn gnéas acu le fir a scaiptear é den chuid is mó, trí chaidreamh collaí agus trí dhlúth-theagmháil craiceann le craiceann. 

San Afraic, scaiptear an víreas bolgaí moncaí freisin i measc ainmhithe ar nós lotnaidí, agus is féidir é a tharchur ó ainmhithe ionfhabhtaithe chuig daoine trí theagmháil dhíreach.

Cé atá i mbaol bolgach moncaí a tholgadh?

In 2022, den chéad uair riamh, tuairiscíodh líon mór cásanna bolgaí moncaí arbh é clád II den víreas bolgaí moncaí ba chúis leo i dtíortha áirithe san Aontas agus ar fud an domhain. Ba i measc fear aerach, déghnéasach agus fear eile a mbíonn gnéas acu le fir a bhí formhór na gcásanna sin. Ó 2022 i leith, tuairiscíodh cásanna gach mí san Aontas/LEE i líonta i bhfad níos ísle. 

I mí na Samhna 2023, braitheadh athraitheach nua, fo-chlád Ib den víreas bolgaí moncaí, i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó agus scaip sé go roinnt tíortha Afracacha eile. Ó mhí Dheireadh Fómhair 2025 i leith, tuairiscíodh cásanna den athraitheach nua sin i roinnt tíortha AE/LEE freisin i measc fear aerach, déghnéasach agus fear eile a mbíonn gnéas acu le fir.

Cé gur i measc an phobail sin a bhí formhór na gcásanna in 2022, tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird go bhféadfadh bolgach moncaí difear a dhéanamh d’aon duine a bhfuil dlúth-theagmháil fhisiciúil aige le duine a bhfuil an t-ionfhabhtú air.

Is féidir le daoine a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe ag bunghalair , nó daoine a chaitheann cógais áirithe nó atá ag dul faoi chóireálacha míochaine amhail ceimiteiripe a bheith níos soghabhálaí do bholgach moncaí agus dá haimhréidheanna.

person getting vaccinated closeup

Conas is féidir bolgach moncaí a chosc? 

Is vacsaín é Imvanex atá údaraithe chun cosaint a thabhairt ar an mbolgach moncaí.

Is féidir bolgach moncaí a chosc trí dhlúth-theagmháil le daoine ionfhabhtaithe a sheachaint agus trí shláinteachas maith a chleachtadh, mar shampla na lámha a ní go minic le gallúnach agus le huisce. 

Má cheapann tú go bhféadfadh sé gur nochtadh thú don bholgach moncaí, seachain dlúth-theagmháil fhisiciúil le daoine eile agus téigh i gcomhairle le dochtúir nó le gairmí leighis eile a luaithe is féidir.

Cén chóir leighis atá ann in aghaidh bolgach moncaí?

Faoi láthair, níl aon chóireáil le haghaidh bolgach moncaí atá formheasta ag an Aontas. Tá cóireálacha ar fáil chun faoiseamh a thabhairt ón ngríos, ón bpian sna matáin agus ó shiomptóim eile na bolgaí moncaí. Uaireanta, faigheann othair cógais le cosc a chur ar ionfhabhtú an chraicinn.

Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: Is chun críche faisnéis ghinearálta an fhaisnéis sa bhileog eolais seo, agus níor cheart í a úsáid in ionad shaineolais agus breithiúnas aonair ó ghairmí cúraim sláinte.

Tuilleadh faisnéise

Protect yourself against mpox
Póstaer

Is ionfhabhtú víreasach é M-bholgach a chruthaíonn spuaiceanna craicinn, fiabhras, tinneas cinn agus pianta sna matáin. Is féidir leat é a fháil trí dhlúththeagmháil dhíreach (lena n-áirítear teagmháil ghnéasach) le duine ionfhabhtaithe, ach is féidir é a chosc trí vacsaíniú.

Nuashonrú deireanach an leathanaigh