Mpox (bolgach moncaí)
Cad é mpox (bolgach moncaí)?
Is galar víreasach annamh é mpox a chruthaíonn comharthaí ionfhabhtaithe víreasaigh ghéarmhíochaine (fiabhras, tinneas cinn, cráphianta matáin) agus gríos a bhíonn cosúil le goiríní nó le spuaiceanna.
In 2022, den chéad uair riamh, tuairiscíodh líon mór cásanna in AE agus ar fud an domhain i dtíortha nach raibh sé riamh coitianta iontu roimhe sin. Tuairiscíodh os cionn 20 000 cás in AE/in LEE le linn na ráige sin in 2022. Ní raibh baint ag na cásanna sin le taisteal chuig áiteanna ina mbíodh an víreas bolgaí moncaí á scaipeadh go stairiúil.
I mí na Samhna 2023, braitheadh athraitheach nua de chlád Ib M-bholgaí i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC). Scaipeadh an t-athraitheach seo chuig roinnt tíortha eile san Afraic agus mar gheall air sin spreagadh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte Éigeandáil Sláinte Poiblí arb Ábhar Imní ar Leibhéal Idirnáisiúnta í (PHEIC) a fhógairt ar an 14 Lúnasa 2024. Ó shin i leith, agus amhail mí na Samhna 2024, níor tuairiscíodh ach dornán cásanna le hionfhabhtuithe mar gheall ar chlád Ib M-bholgaí lasmuigh den Afraic.
Sracfhéachaint: M-bholgach san Eoraip
- Ionfhabhtú víreasach arb iad is príomhthréith dó spuaiceanna craicinn
- Leathnaíonn víreas M-bholgaí trí dhlúth-theagmháil le duine nó le hainmhí ionfhabhtaithe
- Breis agus 26 000 cás fógartha ó bhí 2022 ann
- D’fhéadfadh vacsaíniú M-bholgach, agus na haimhréidheanna a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh uirthi, a chosc.
Cad iad siomptóim an víris bolgaí moncaí?
I measc na gcomharthaí bíonn loit a d’fhéadfadh a bheith deacair a idirdhealú ó ionfhabhtuithe víreas bolgaí eile agus, go pointe áirithe, ó loit deilgní.
Go minic, bíonn meascán de na hairíonna seo a leanas ar dhaoine a mbíonn bolgach moncaí orthu:
- fiabhras
- tinneas cinn
- crithfhuacht
- tnáitheadh
- at na nód limfe
- pian droma agus cráphianta matáin
- loit seicne múcasaí agus gríos cnis.
Is féidir leis an ngríos sin teacht ar othair roimh na siomptóim eile nó ina ndiaidh agus, go ginearálta, is ar na lámha, ar na cosa, timpeall na mball giniúna nó timpeall an anais a bhíonn sé.
Ar dtús, bíonn na loit dheirmeacha sin ina spotaí beaga a fhorbraíonn ina dhiaidh sin ina spuaiceanna líonta le sreabhán, a eiríonn crua agus a dtagann gearb orthu sula leigheastar an craiceann go hiomlán.
Cad iad aimhréidheanna bolgaí moncaí?
An chuid is mó de dhaoine a tholgann bolgach moncaí, leigheastar iad gan aon aimhréidheanna a theacht orthu. Ba cheart measúnú leighis a dhéanamh ar chásanna nua-aitheanta de bholgach moncaí maidir le déine agus tosca riosca (e.g. bunriochtaí sláinte, cógais a théann i bhfeidhm ar an gcóras imdhíonachta, ionfhabhtú VEID gan chóireáil, etc.). D’fhéadfaí go mbeadh gá leis an duine sin a chur chun an ospidéil agus/nó iad a chóireáil le drugaí frithvíreasacha i gcás daoine a mbíonn galair thromchúiseacha orthu.
Conas a scaiptear an víreas bolgaí moncaí?
San Afraic, áit a scaiptear an víreas bolgaí moncaí i measc ainmhithe freisin, is féidir é a scaipeadh ó ainmhithe go daoine trí theagmháil dhíreach le hainmhithe ionfhabhtaithe amhail creimirí, chomh maith lena tharchur trí dhlúth-theagmháil dhuine le duine.
San Eoraip, ó bhí an ráig mhór ann in 2022, ba i measc na bhfear a mbíonn gnéas acu le fir a bhí an chuid ba mhó de chásanna M-bholgaí i ndaoine a diagnóisíodh – rud a thug le tuiscint gur tharla an tarchur le linn caidreamh collaí eatarthu.
Cé atá i mbaol bolgach moncaí a tholgadh?
Cé gurbh i measc fir a mbíonn gnéas acu le fir a bhí formhór na gcásanna in 2022, bíonn baol ann d’aon duine a mbíonn dlúth-theagmháil dhíreach acu (lena n-áirítear teagmháil ghnéasach) le duine ionfhabhtaithe le bolgach moncaí an víreas a tholgadh. Is féidir teagmháil le héadaí, le leapachas, le tuáillí, le dromchlaí agus le nithe eile ar theagmhaigh duine ionfhabhtaithe le bolgach moncaí a bheith ina gcúis le tarchur an víris bolgaí moncaí.
D’fhéadfadh iad siúd a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe ag bunriochtaí míochaine, ag míochainí áirithe, nó ag cóireálacha (cosúil le ceimiteiripe) a bheith ní ba sho-ghabhálaí do bholgach moncaí agus dá haimhréidheanna.
Cé go bhféadfadh na grúpaí sin a bheith ní ba mhó i mbaol, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur féidir le haon duine a bhíonn i dteagmháil le duine ionfhabhtaithe bolgach moncaí a tholgadh.
Conas bolgach moncaí a chosc?
Is féidir bolgach moncaí a chosc trí dhlúth-theagmháil le daoine ionfhabhtaithe a sheachaint agus trí shláinteachas maith a chleachtadh, mar shampla na lámha a ní go minic le gallúnach agus le huisce.
Cuirtear cosaint áirithe ar fáil tríd an vacsaíniú i gcoinne bolgaí Dé, galar a mbíonn víreas gaolmhar is cúis leis.
Má cheapann tú go mb’fhéidir gur nochtadh do bholgach moncaí thú, caithfear tú féin a leithlisiú ó dhaoine eile agus cóir leighis a lorg láithreach ó do sholáthraí cúraim sláinte.
Nóta: Is chun críche faisnéis ghinearálta an fhaisnéis sa bhileog eolais seo, agus níor cheart í a úsáid in ionad saineolas agus breithiúnas aonair gairmí cúraim sláinte.