Maláire
Céard é maláire?
Is galar é maláire a d’fhéadfadh a bheith bagrach don bheatha. Seadáin a scaiptear trí ghreamanna muiscíte is cúis leis.
A bhuí le bearta sláinte poiblí láidre, cuireadh deireadh le maláire san Eoraip. Ar fud an domhain, áfach, bíonn maláire ina cúis leis na céadta mílte básanna gach bliain, go háirithe san Afraic.
Sracfhéachaint
- Scaiptear maláire chuig daoine trí ghreim ó mhuiscítí ionfhabhtaithe.
- Déantar níos mó ná 6 000 cás a thaifeadadh gach bliain san Aontas Eorpach/LEE. Baineann 99.8 % de na cásanna le taisteal.
- Is féidir maláire a chosc trí vacsaíniú a fháil nó trí chógas coisctheach a ghlacadh.
Cad iad siomptóim mhaláire?
Tar éis nochta, de ghnáth tógann sé suas le dhá sheachtain chun siomptóim den chineál maláire is coitianta a thabhairt faoi deara cé go bhféadfadh míonna a bheith caite sula mbeadh na siomptóim le tabhairt faoi deara. Nuair a thosaíonn na siomptóim tugtar a leithéid seo a leanas faoi deara:
- Fiabhras
- Crithfhuacht
- Tinneas cinn
- Allas míchuibheasach
- Masmas
- Urlacan
- Buinneach
- Casacht
- Buíochán
- Pian sna hailt agus sna matáin
Cad iad aimhréidheanna maláire?
I gcásanna níos déine, d’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh sna siomptóim freisin:
- Cliseadh duánach
- Taomanna
- Deacracht análaithe
- Mearbhall
- Cóma
Cén chaoi a scaiptear maláire?
Scaiptear maláire chuig daoine trí ghreamanna ó mhuiscítí ionfhabhtaithe.
Cé atá i mbaol maláire a tholgadh?
Is féidir le duine ar bith a bheith ionfhabhtaithe le maláire. I measc na ndaoine is mó atá i mbaol galair thromchúisigh tá daoine atá ag iompar clainne, leanaí óga, daoine os cionn 65 bliain d’aois agus daoine a bhfuil córais imdhíonachta lagaithe acu.
Ba chóir cúram speisialta a ghlacadh má tá sé ar intinn agat taisteal chuig áiteanna ina bhfuil maláire i láthair.
Tá maláire i láthair san Afraic Fho-Shahárach, páirteanna den Mheánoirthear, Meiriceá Laidineach agus Meiriceá Theas, an Áise agus an tAigéan Ciúin. In AE/LEE, ní dócha go bhfaighidh daoine maláire.
Cén chaoi ar féidir maláire a chosc?
Is é an modh cosanta is fearr i gcoinne maláire ná greamanna muiscíte a sheachaint. I measc na mbeart cosanta tá líonta leapa muiscíte, go háirithe iad siúd atá cóireáilte le feithidicídí, éadaí a chlúdaíonn an chuid is mó den chorp a chaitheamh agus éarthach feithidí a chur ar na codanna den chraiceann atá le feiceáil.
Is féidir cógas a úsáid chun an baol go n‑éireoidh tú tinn a laghdú má nochtar do mhaláire thú agus tú ag taisteal.
Is féidir le vacsaíniú cosaint i gcoinne maláire i leanaí.
Cén chóir leighis atá ann le haghaidh maláire?
Is éigeandáil í maláire agus teastaíonn cóireáil thapa le cógais fhrithmhaláireacha chun an baol go mbeidh deacrachtaí tromchúiseacha ann a laghdú.