An chaoi a n‑oibríonn vacsaíní
Oibríonn vacsaíní tríd an gcóras imdhíonachta a mhúineadh conas galar a chomhrac sa chás go n‑ionfhabhtófaí duine leis riamh. Sa chaoi sin, laghdaítear go mór mór an baol go n‑éireodh an duine lena mbaineann go dona tinn nó go scaipfí an galar chuig daoine eile. Is féidir le vacsaíní cosaint a thabhairt i gcoinne galair amháin nó roinnt galar. Uaireanta, d’fhéadfaí roinnt vacsaíní a thabhairt ag an am céanna chun cosaint a thabhairt ar scata galar.
Is féidir le vacsaíní cosaint a thabhairt i gcoinne galair amháin nó roinnt galar. Uaireanta, d’fhéadfaí roinnt vacsaíní a thabhairt ag an am céanna chun cosaint a thabhairt ar scata galar.
I gcás fhormhór na vacsaíní, bíonn foirm lagaithe nó neamhghníomhaithe (maraithe) de víreas nó de bhaictéar, nó cuid bheag den víreas nó den bhaictéar nach féidir léi galar a chruthú.
Nuair a thugtar an vacsaín do dhuine, aithníonn córas imdhíonachta an duine sin an antaigin mar choimhthíoch. Spreagtar sa chaoi sin do na cealla imdhíonachta antasubstaintí a tháirgeadh agus cuirtear ar chumas an chórais imdhíonachta an víreas nó an baictéar a aithint.
As sin amach, má tholgann an duine sin an víreas nó má ionfhabhtaítear leis an bhfíorbhaictéar iad, beidh a gcóras imdhíonachta in ann é a aithint, agus ansin na hantasubstaintí cearta a tháirgeadh agus na cealla imdhíonachta cearta a ghníomhachtú go tapa, chun an víreas nó an baictéar a mharú. Cosnaítear an duine ar an ngalar sa chaoi sin.
Os a choinne sin, is féidir le daoine a fhaigheann a n‑imdhíonacht as an ngalar a tholgadh iad féin a chur i mbaol aimhréidheanna tromchúiseacha de dheasca an ghalair.
Cosaint
Bíonn leibhéil éagsúla chosanta mar thoradh ar vacsaíní éagsúla. Athraíonn fad na cosanta ag brath ar an ngalar. Ní féidir le vacsaíní áirithe cosaint a thabhairt i gcoinne galair ach ar feadh tréimhse ghairid agus bíonn teanndáileoga ag teastáil in amanna. I gcás vacsaíní eile, d’fhéadfadh an duine a bheith imdhíonach go deo.
Cosnaíonn an vacsaíniú níos mó ná iad siúd a fhaigheann vacsaín. Tugann sé cosaint indíreach fosta do dhaoine sa phobal nach bhfuil vacsaín faighte acu tríd an riosca go nochtfaí d’ionfhabhtú iad a laghdú. Tugtar imdhíonacht phobail (nó imdhíonacht tréada) air sin.
Comhpháirteanna
Le cois antaigine amháin nó roinnt antaiginí, is féidir comhpháirteanna eile a chur leis an vacsaín freisin chun í a choinneáil cobhsaí agus éifeachtach. Tá sé de chúram ar rialtóirí a chinntiú go mbíonn na comhpháirteanna go léir sábháilte.
Áirítear ar na comhpháirteanna sin:
- cobhsaitheoirí: coinníonn siad comhpháirteanna vacsaíní cobhsaí;
- aidiúvaigh: feabhsaíonn siad an fhreagairt imdhíonachta ar an vacsaín tríd an bhfreagairt a dhéanamh níos láidre, níos tapúla agus níos leanúnaí le himeacht ama, cuir i gcás an t‑alúmanam;
- Támháin: substaintí neamhghníomhacha is ea iad seo, amhail uisce, nó clóiríd sóidiam (salann), chomh maith le leasaithigh nó cobhsaitheoirí a chuidíonn leis an vacsaín a choinneáil seasmhach le linn stórála, agus í á coinneáil gníomhach dá réir sin.
I gcás cineálacha vacsaíní ar leith, d’fhéadfaí go mbeadh rianta de shubstaintí eile ann a úsáidtear le linn an phróisis déantúsaíochta, amhail ubh-albaimin (próitéin a fhaightear in uibheacha) nó neoimícin (antaibheathach). Más rud é go bhféadfadh na substaintí sin a bheith ina gcúis le frithghníomhú i ndaoine atá braiteach orthu nó i ndaoine ag a bhfuil ailléirgí, áirithítear go luaitear an méid sin san fhaisnéis a thugtar d’oibrithe cúraim sláinte agus d’othair araon.
Cineálacha vacsaíní
Tá vacsaíní formheasta éifeachtach chun galair agus siomptóim thromchúiseacha a chosc agus chun tarchur a laghdú.
Faigh tuilleadh eolais maidir leis an gcaoi a ndéanann údaráis san Eoraip tástáil chun a chinntiú go mbíonn vacsaíní sábháilte agus éifeachtach sula gceadaítear iad lena n‑úsáid.
Conas a chosnaíonn vacsaíní sinn agus conas a chuireann siad cosc ar scaipeadh galar? Faigh tuilleadh eolais maidir leis na buntáistí a bhaineann leo do dhaoine aonair agus don phobal araon.
European Medicines Agency - Safety of COVID-19 vaccines