Haemophilus influenzae cineál b (Hib)

Bileog eolais

Cad é Haemophilus influenzae cineál B (Hib)?

Is baictéar é Haemophilus influenzae cineál b (Hib) a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le hionfhabhtú le deacrachtaí a d'fhéadfadh a bheith tromchúiseach agus fiú bagrach don bheatha. Is féidir leis an ionfhabhtú a bheith ina chúis le lagú ar feadh an tsaoil, mar shampla caillteanas éisteachta agus míchumais foghlama. Is é is forleithne i measc leanaí faoi bhun 5 bliana d'aois le dhá thrian de na cásanna a tharlaíonn i leanaí faoi bhun 12 mhí. 

At a glance: HiB in Europe

  • A Disease that can affect different parts of the body caused by bacteria
  • HiB can spread through the air
  • Around 3000 cases every year
  • HiB can cause serious complications such as meningitis, sepsis or epiglottitis.
  • Young children and infants are most at risk
  • Vaccination can prevent Hib infections and the serious complications they can cause.

Find out more about the Hib vaccine in your country.

HiB rash

Cad iad siomptóim ionfhabhtaithe Hib?

Braitheann na hairíonna a bhaineann le hionfhabhtú Hib ar an gcuid den chorp atá ionfhabhtaithe ag na baictéir. Mar thoradh air sin, féadfaidh daoine a bhfuil ionfhabhtú Hib orthu raon comharthaí a thaispeáint, na nithe seo a leanas san áireamh: 

  • Fiabhras
  • Tuirse mhór, deacracht dúiseachta
  • Tinneas cinn
  • Sceadamán nimhneach
  • Deacracht análaithe
  • Muineál righin
  • Urlacan
  • Ailt phianmhara nó ata 
  • Gríos nach n-imíonn nuair a bhrúitear é 
  • Craiceann liopaí nó teanga atá éadrom, gorm, liath nó balscóideach
  • Craiceann dorcha timpeall na n-ingne nó na súl
HiB bacteria in nose

Cad iad aimhréidheanna ionfhabhtaithe Hib? 

Is féidir le hionfhabhtuithe Hib a bheith tromchúiseach agus a bheith ina gcúis le deacrachtaí atá bagrach don bheatha. Athraíonn aimhréidheanna ag brath ar shuíomh an ionfhabhtaithe sa chorp ach de ghnáth bíonn baint acu le hat agus le damáiste fíocháin. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh leis na deacrachtaí: 

  • Meiningíteas (athlasadh an scannáin atá timpeall na hinchinne agus chorda an dromlaigh)
  • Seipsis (ionfhabhtú/nimhiú tromchúiseach fola) 
  • Eipeaglotaíteas (athlasadh an eipeaglotaítis, an liopóg a chuireann cosc ar bhia dul isteach sa phíobán garbh)
  • Niúmóine (ionfhabhtú agus athlasadh na scamhóg)
  • Airtríteas seipteach (ionfhabhtú agus athlasadh na n-alt) 
  • Peireacairdíteas bracha (ionfhabhtú atá bagrach don bheatha ar an sac atá timpeall an chroí)
  • Ionchairdíteas (athlasadh scannáin istigh an chroí)

Conas a scaiptear Hib?

Is féidir leis na baictéir Hib maireachtáil i srón agus scornach duine ach ní bhíonn siad ina gcúis le galar de ghnáth. Má aistríonn siad chuig cuid eile den chorp, d’fhéadfadh an t-ionfhabhtú atá mar thoradh air a bheith an-tromchúiseach. Má tá duine tinn le hionfhabhtú Hib, féadfaidh sé scaipeadh chuig daoine eile trí bhraoiníní riospráide.
 

child getting vaccinated at doctor's office

Cé atá i mbaol Hib a tholgadh?

D’fhéadfadh duine ar bith ionfhabhtú Hib a tholgadh ag aois ar bith. Mar sin féin, is iad na daoine is mó atá i mbaol ionfhabhtaithe agus dianghalair ná leanaí faoi chúig bliana d'aois, daoine scothaosta, agus daoine a bhfuil córais imdhíonachta lagaithe acu. 

Conas is féidir Hib a chosc? 

Is é vacsaíniú an bealach is éifeachtaí chun ionfhabhtuithe Hib a chosc. Tá an vacsaín Hib mar chuid den sceideal vacsaínithe óige i ngach tír AE/LEE. Mar thoradh ar vacsaíniú forleathan tá laghdú suntasach tagtha ar líon na gcásanna d'ionfhabhtuithe Hib, ó tugadh isteach é sna 1980í. 

Le sláinteachas maith agus trí theagmháil a sheachaint le daoine atá tinn is féidir cabhrú le cosaint i gcoinne ionfhabhtuithe Hib.
 

Conas a chuirtear cóireáil ar ionfhhabhtú Hib?

De ghnáth, áirítear le cóireáil ar ionfhabhtú Hib antaibheathaigh chun an t-ionfhabhtú a chóireáil. Braitheann an gá atá le cóireálacha eile ar an áit a bhfuil an t-ionfhabhtú sa chorp agus ar na deacrachtaí a chruthaigh sé. 

D’fhéadfadh baill teaghlaigh daoine a bhfuil ionfhabhtú Hib orthu agus dlúth-theagmhálaithe eile antaibheathaigh a fháil mar réamhchúram.