Sábháilteacht vacsaíní – Na príomhcheisteanna freagartha
Cinntítear sábháilteacht vacsaíní trí dhianphróiseas tástála, meastóireachta agus rialála. Ní mór do gach vacsaín dul trí roinnt céimeanna sula bhformheasfar iad lena n-úsáid san Aontas.
Sábháilteacht vacsaíní – Na príomhcheisteanna freagartha
Gaeilge (219.72 KB - PNG)Faigh tuilleadh amach
Cé ba chóir a bheith cúramach faoi vacsaín a fháil agus cathain a thabharfaidh dochtúirí comhairle ina choinne sin?
Múineann vacsaíní dár gcórais imdhíonachta conas galar a chomhrac. Foghlaimímis conas a oibríonn siad chun sinn a chosaint ar éirí tinn.
Ligeann vacsaíní don chóras imdhíonachta cuimhní a chruthú de na víris nó de na baictéir atá iontu. An chéad uair eile a dhéanann duine vacsaínithe teagmháil leis an víreas nó leis an mbaictéar sin, is féidir lena c(h)óras imdhíonachta é a aithint, agus na hantasubstaintí cearta agus na cealla imdhíonachta cearta a tháirgeadh go apa chun é a mharú.