Papalómaivíreas Daonna (HPV)
Cad is HPV ann?
Galar tógálach is ea Papalómaivíreas Daonna (HPV) atá gnéas-tharchurtha den chuid is mó le teagmháil dhíreach le duine ionfhabhtaithe. Is é an t-ionfhabhtú gnéas-tarchurtha is coitianta ar domhan.
Tá breis agus 100 cineál víreas HPV ann. Féadann timpeall 40 acu na baill ghiniúna a ionfhabhtú. D’fhéadfadh 14 chineál HPV, iad rúnaicmithe mar ‘ardriosca’, a bheith ina gcúis le hailse, amhail ailse cheirbheacs i mná. Is í ailse cheirbheacs (ailse i mbéal na broinne) an ailse is coitianta tar éis ailse chíche ag mná in aois 15-44 bliain san Eoraip (1). D’fhéadfadh na cineálacha ‘ardriosca’ HPV a bheith ina gcúis le hailse tóna agus ailse na mball giniúna, agus roinnt ailsí sa cheann agus sa mhuineál, i bhfir agus mná araon. D’fhéadfadh na cineálacha ‘íosriosca’ HPV a bheith ina gcúis le faithní na mball giniúna agus tóna.
![symptoms smaller illustration](https://vaccination-info.europa.eu/sites/default/files/styles/is_large/public/images/symptoms-smaller_0.jpg?itok=0WnHPVLY)
Cad iad siomptóim HPV?
Den chuid is mó, imíonn ionfhabhtú HPV leis féin gan aon siomptóim nó fadhbanna follasacha. Uaireanta d’fhéadfadh ionfhabhtú HPV leanúint ar aghaidh, áfach, agus a bheith ina chúis le cuid de na haimhréidheanna atá liostaithe thíos.
Cad iad aimhréidheanna HPV?
Mura n-imíonn HPV d’fhéadfadh sé bheith ina chúis le:
- ailse cheirbheacs nó cineálacha eile ailse (e.g. na pite, na faighne, bun na tóna, agus roinnt ailsí an chinn agus an mhuiníl)
- faithní na mball giniúna agus tóna
![couple illustration](https://vaccination-info.europa.eu/sites/default/files/styles/is_large/public/images/couple-hpv-risk-group.jpg?itok=TPznCeMg)
Conas a scaiptear HPV?
Tarchuirtear HPV trí theagmháil dhíreach, gnéasach den chuid is mó, le duine ar a bhfuil an víreas.
Cé atá i mbaol ar HPV?
Tá an baol ar HPV ar dhuine ar bith atá gníomhach go gnéasach.
![process of vaccination illustration](https://vaccination-info.europa.eu/sites/default/files/styles/is_large/public/images/vaccination-illustration.jpg?itok=0ZjLRtOA)
Conas HPV a chosc?
D’fhéadfadh vacsaíniú cailíní agus buachaillí ionfhabhtuithe HPV a chosc chomh maith le galair a bhaineann le HPV i bhfir agus mná araon, lena n-áirítear faithní na mball giniúna agus tóna, ailse cheirbheacs agus ailsí eile is cúis le HPV. Déantar gnáthvacsaíniú in aghaidh HPV ag aois idir 9 agus 14 bliana, de réir an sceidil náisiúnta vacsaínithe.
Níl coiscíní 100% éifeachtach chun tarchur an víris a chosc. D’fhéadfadh HPV an craiceann thart ar an gcoiscín nach bhfuil cosanta a ionfhabhtú.
Conas a chóireáiltear HPV?
Níl aon chóireáil don víreas é féin, ach d’fhéadfadh na fadhbanna sláinte is cúis le HPV a chóireáil i mbealaí éagsúla. D’fhéadfadh faithní na mball giniúna a chóireáil le cógas nó obráid. Ba cheart dul i gcomhairle le soláthraí cúraim sláinte maidir leis na roghanna cóireála áirithe.
D’fhéadfadh ailse cheirbheacs agus fíochán sa cheirbheacs a mheastar a bheith réamhailseach a shainaithint go luath le scagthástáil le haghaidh ailse cheirbheacs agus í a chóireáil. Cuirtear é sin ar fáil do mhná de réir moltaí náisiúnta. Is fearr ailsí eile HPV a chóireáil agus iad diagnóisithe agus cóireáilte go luath, ach níl aon chláir scagthástála ar leith ann lena n-aghaidh.
--------------------------------------------------------------------
Tagairt:
(1) GLOBOCAN - International Agency for Research on Cancer – IARC: https://gco.iarc.fr/today/home
Nóta: Is chun críocha faisnéis ghinearálta an fhaisnéis atá sa bhileog eolais seo agus níor chóir úsáid a bhaint aisti in ionad saineolas aonair agus tuairim gairmí cúraim sláinte.