Sceidil vacsaínithe san AE/LEE

Bíonn gach tír AE/LEE freagrach as a mbeartas sláinte phoiblí náisiúnta féin, lena n-áirítear a gclár imdhíonta náisiúnta agus a sceideal vacsaínithe. Is féidir teacht ar na sceidil vacsaínithe náisiúnta sna tíortha AE/LEE i Sceidealóir Vacsaíní ECDC
Tá roinnt éagsúlachtaí ann sa chaoi ina n-eagraíonn tíortha a sceidil vacsaínithe, ar comhchosúil seachas comhionann iad sna tíortha AE/LEE éagsúla. D’fhéadfaí a áireamh leo sin an aois agus an daonra le vacsaíniú (mar shampla, gach leanbh d’aois áirithe nó iad siúd sa ghrúpa riosca amháin), an cineál vacsaíne beacht (e.g. d’fhéadfadh roinnt comhábhar a bheith éagsúil), líon agus uainiú na ndáileog, agus an dtugtar vacsaín ina aonar nó in éineacht le cinn eile.
D’fhéadfaí a áireamh leis na fachtóirí taobh thiar de na héagsúlachtaí le hualach an ghalair, leitheadúlacht an ghalair agus treochtaí sna tíortha éagsúla, acmhainní agus struchtúir na gcóras cúraim shláinte, fachtóirí polaitiúla agus cultúrtha, chomh maith le hathléimneacht an chláir vacsaínithe.
Ná tuigtear ó na héagsúlachtaí idir na sceidil vacsaínithe gur fearr roinnt acu thar a chéile. Ní thógtar san áireamh leo ach amháin imthosca agus córais sláinte éagsúla. Áirithítear an leibhéal céanna cosanta i ngach aon tír AE/LEE. Tugtar na vacsaíní sna sceidil náisiúnta sna tréimhsí iomchuí d’fhonn cosaint leordhóthanach a áirithiú.
Áirítear leis na sceidil vacsaínithe leanbhaoise i ngach aon tír AE/LEE an vacsaíniú in aghaidh:
- na bruitíní
- na leicní
- rubella
- na diftéire
- teiteanais
- an treacha
- polaimiailítis
- Haemophilus influenzae cineál B
- papalómaivíris dhaonna (cailíní ógánacha/réamh-ógánacha).
Molann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) an vacsaíniú i gcoinne heipitítis B mar chuid den sceideal uilíoch vacsaínithe leanbhaoise, ach ní dhéanann ach roinnt tíortha AE/LEE vacsaíniú ar leanaí le hardriosca ionfhabhtaithe, agus ar aosaigh in eochairghrúpaí riosca.
Tairgtear cosaint do leanaí i roinnt tíortha AE/LEE tríd an vacsaíniú i gcoinne:
- heipitítis A
- fliú
- galair ionraigh de bharr Neisseria meningitidis
- galair ionraigh de bharr Streptococcus pneumoniae
- rótaivíris
- eitinne
- varicella
Ina theannta sin is amhlaidh a bhíonn moltaí ag gach tír AE/LEE le haghaidh an fhliú shéasúraigh i measc daoine scothaosta agus eochairghrúpaí riosca.
Tá AE ag fiosrú faoi chomhchuibhiú breise na sceideal vacsaínithe náisiúnta. D’eisigh an Chomhairle AE Moltaí an 7 Nollaig 2018 (EN) maidir le comhar neartaithe i gcoinne galar atá inchoiscthe le vacsaíní, lena n-áirítear scrúdú a dhéanamh ar fhéidearthacht de chroí-sceideal vacsaínithe AE. Tá ECDC ag forbairt measúnachta air sin i gcomhar leis na húdaráis sláinte phoiblí náisiúnta ar fud AE.
Ba é an aidhm leis comhoiriúnacht na sceideal vacsaínithe náisiúnta a fheabhsú agus rochtain chomhionann ar vacsaínithe ar fud AE a chur chun cinn. D'fhéadfaí aghaidh a thabhairt leis sin ar shaincheisteanna do dhaoine ag gluaiseacht idir tíortha AE, cosúil le dul i ngleic le sceidil vacsaínithe éagsúla (lena n-áirítear líon agus uainiú na dteanndáileog) nó gan vacsaíniú éigin a fháil.
Vacsaíniú éigeantach nó molta
Faisnéis maidir le vacsaíniú éigeantach agus molta i dtíortha Eorpacha.
Vacsaíniú cúitimh agus teanndáileoga
Foghlaim tuilleadh maidir le vacsaíniú cúitimh agus teanndáileoga, a thugtar i gcás dáileoga caillte nó imdhíonacht atá ag dul ar gcúl.
An uair le vacsaíniú a sheachaint
Faisnéis maidir le cathain nach moltar vacsaíniú, lena n-áirítear i gcás ailléirgí, neamhoird córais imdhíonachta, cóireálacha leighis áirithe, agus toirchis.