Tugann vacsaíní imdhíonacht dúinn ar ghalair – agus féadann siad cosc a chur ar scaipeadh galar. Nuair a bhíonn imdhíonacht
ag go leor daoine, sroichimid‘imdhíonacht phobail’, rud a chabhraíonn chun gach duine a chosaint.
Cuidíonn vacsaíniú in aghaidh heipitíteas B agus HPV (papalómaivíreas daonna) le cosaint in aghaidh ionfhabhtuithe a bhféadfadh ailse a bheith mar thoradh orthu.
Ar mhaith leat tuilleadh faisnéise a fháil? Seo a leanas roinnt fíricí riachtanacha.
D’fhorbair ECDC ábhair chumarsáide ineagarthóireachta chun feasacht ar EVIP (tairseach faisnéise an Aontais um vacsaíniú) a mhúscailt agus d’fhonn a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis is gá ag daoine chun cinntí eolasacha a dhéanamh.